Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ag iarraidh bualadh le pobal áitiúil Ghaeltacht Acla

16 Samh 2023, 12:30

Tá Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge de Thithe an Oireachtais ag iarraidh bualadh le pobal áitiúil Ghaeltacht Acla agus na hábhair seo a leanas a phlé leis:

  1. Cúrsaí Gaeilge agus an tacaíocht atá de dhíth ina leith;
  2. Seirbhísí áitiúla;
  3. An bonneagar áitiúil (bóithre, soláthar uisce, tithíocht, srl);
  4. Rochtain ar Sheirbhísí sláinte.

Chun an teacht le chéile seo a éascú tá cruinniú poiblí á eagrú ag an gChomhchoiste san Ionad Gteic de chuid Údarás na Gaeltachta i nGob an Choire, Co. Mhaigh Eo, F28 DH68, idir 16:00 agus 18:00 ar an 24 Samhain 2023.

Beidh na Teachtaí Dála Aengus Ó Snodaigh (Cathaoirleach an Choiste), Catherine Connolly agus Éamon Ó Cuív ag glacadh páirte sa toscaireacht, agus beidh an Cléireach don Choiste ag dul in éineacht leo.

Dúirt an Teachta Dála Ó Snodaigh: “Is deis iontach í seo dúinn, Comhaltaí an Chomhchoiste, bualadh le pobal áitiúil Ghaeltacht Acla. Tabharfaidh sé seo deis dúinn an obair leanúnach atá á déanamh sa Ghaeltacht seo agus na dúshláin atá os comhair a pobail a phlé leis an bpobal i bhfóram poiblí. Níl aon chumhachtaí feidhme ag an gComhchoiste i leith beartas a chur i gcrích.

“Baineann an chumhacht sin leis an Rialtas, ach is í an chumhacht thábhachtach atá ag an gComhchoiste ná feidhmiú mar theachtaire idir pobal na Gaeltachta agus an Rialtas. Dá réir sin, is mian leis an gComhchoiste an deis seo a thapú na hábhair thuasluaite a phlé le muintir Acla, agus a dtuairimí agus a moltaí féin ina leith a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais, na n-Airí ábhartha agus an Rialtais.”

Beidh an cruinniú poiblí seo ar siúl mar chuid de thoscaireacht dhá lá a thabharfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar Ghaeltacht Acla ar an 23 agus an 24 Samhain 2024.

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn