Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cathaoirleach Sheanad Éireann d’óstáil ócáid speisialta dar teideal Fear Poiblí Gáirí chun cothrom 100 bliain Dhuais Nobel sa Litríocht a fháil ag an Seanadóir W.B. Yeats in 1923 a chomóradh

23 Samh 2023, 00:01

Ar chothrom 100 bliain Dhuais Nobel sa Litríocht a fháil ag an Seanadóir W.B.  Yeats, tá ócáid speisialta á hóstáil ag Cathaoirleach Sheanad Éireann, an Seanadóir Diarmuid Ó Buitiméir i Seomra an tSeanaid i dTeach Laighean.

Déanfar comóradh tráthnóna ar rannchuidiú W.B. Yeats le saol poiblí agus polaitiúil an stáit nua Éireannaigh. Dámhadh Duais Nobel ar Yeats as an bhfilíocht trí thinfeadh uaidh, lena ndearnadh “éirim an náisiúin uile a léiriú”.

Ar na haíonna ar tugadh cuireadh dóibh agus a bheidh i láthair, beidh Caitríona agus Siobhán Yeats (gar-iníonacha W.B. Yeats), Susan O’Keeffe, Stiúrthóir Chumann Yeats, Sligeach agus iar-Chomhalta de Sheanad Éireann), Adam Hanna, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Seanadóirí, TDanna agus iar-Sheanadóirí ar tugadh cuireadh dóibh.  

Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt an Cathaoirleach Diarmuid Ó Buitiméir: “Ón gcéad chruinniú a bhí aige in 1922, rinneadh ionadaíocht sa Seanad do pheirspeictíochtaí éagsúla. Is cuí go mór go mbeadh suíochán sa Teach Uachtarach sa pharlaimint nua Éireannach ag W.B. Yeats, file agus drámadóir, a fuair móradh agus moladh as an léiriú filíochta a rinne sé ar Éirinn agus Éireannachas.

Leis an ngéarthuiscint a bhí aige ar an riocht daonna, bhain Yeats leas as an mbraistint agus an díochracht fhilíochta aige mar threoir ina chuid oibre mar Sheanadóir agus chun rannchuidiú le saol poiblí agus polaitiúil an stáit seo againn.

Is mór againn freisin a bheith i gcomhpháirt le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar an tsraith gearrfhíseán láithreach ar Chothrom Céad Bliain Dhuais Nobel Yeats.”

CRÍOCH

Déanfar taifead ar an imeacht seo agus taispeánfar an clár ag 6pm Dé hAoine 24ú agus arís ag 9pm Dé Domhnaigh 26 Samhain ar Oireachtas TV

Beidh sé ar fáil freisin le feiceáil ón Luan 27 Samhain ar aghaidh Houses of the Oireachtas

Féadfar breathnú ar an tsraith gearrfhíseán láithreach ar Chothrom Céad Bliain Dhuais Nobel Yeats anseo

Eiseoidh ‘Maxwells Photography’ grianghraif ón ócáid go dtí na deasca nuachta. Beidh grianghraif ar fáil freisin ar chuntas  Flickr an Oireachtais.  

 

Fiosrúcháin ó na meáin

Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn