Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tá an Coiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú agus an Taoiseach tar éis Tuarascáil ar an Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 a fhoilsiú:

6 Noll 2023, 16:00

Tá an Comhchoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú agus an Taoiseach tar éis Tuarascáil ar an Acht Airí agus Rúnaithe 1924 a fhoilsiú inniu ina ndéanann sé 10 moladh a leagan amach chun an formhaoirsiú ar na státseirbhísigh agus na seirbhísí poiblí is sinsearaí a nuashonrú agus a nuachóiriú.

Agus an tuarascáil á seoladh aige, dúirt an Teachta Seán Mac Aonghusa, Cathaoirleach an Choiste Airgeadais: “Tá an gaol idir Airí agus na Státseirbhísigh is sinsearaí, arb iad na hArd-Rúnaithe iad, ag athrú i gcónaí, agus is minic a ardaítear ceist faoi cé dó nó di atá Ard-Rúnaithe freagrach.

Is é an tAcht Airí agus Rúnaithe, 1924 an phríomh-reachtaíocht lena rialaítear an gaol seo. Sa Acht seo, atá nach mór 100 bliain d’aois, leagtar amach ról agus stádas Airí maidir lena ranna, lena bhfreagracht do Dháil Éireann agus ról na nArd-Rúnaithe. Soláthraítear treoirlínte breise le sraith de reachtaíocht agus rialacháin bhreise. Níl aon amhras, áfach, ach gur gá an reachtaíocht a nuashonrú agus a nuachóiriú.

Mí an Mhárta 2022, chomhaontaigh an Roghchoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú agus an Taoiseach tabhairt faoin Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 a scrúdú, maidir le héabhlóid an Achta agus leo siúd atá freagrach as é a chur i ngníomh. Leag an Coiste béim ar fhreagracht a tharmligean faoin Acht i gcomhthéacs freagracht deiridh a bheith ag Aire na Roinne iomchuí agus ar cibé acu atá aon phleananna ann chun an reachtaíocht a leasú d’fhonn Ard-Rúnaithe agus státseirbhísigh agus seirbhísigh phoiblí shinsearacha eile a thabhairt faoina réim.

Sheol an Coiste roinnt cruinnithe poiblí i rith 2022 agus 2023, inar bhuail sé le hoifigigh shinsearacha agus Airí sinsearacha ón Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe agus ón Roinn Sláinte. Thug an Coiste cuireadh freisin don Ollamh Colin Scott, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus don Ollamh Muris MacCarthaigh, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus fuair siad aighneacht scríofa uathu ar ábhar an Acht Airí agus Rúnaithe.

Is iad seo a leanas na príomhmholtaí a tháinig de na cruinnithe sin agus d’aighneacht Scott- MacCarthaigh

  • Go ndéanfaidh an Bord um Chuntasacht Státseirbhíse agus an Grúpa Athbhreithnithe Feidhmíochta a athbhúnú chun an próiseas bainistithe feidhmíochta d’Ard-Rúnaithe a athbhreithniú agus chun na próisis sin a fhormhaoirsiú. Ba chóir comhaltaí den dá ghrúpa a bheith neamhspleách ón Státseirbhís agus ón tSeirbhís Phoiblí;
  • Go ndéanfaidh an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe tuarascáil a thabhairt don Chomhchoiste laistigh de shé mhí ar a chuid pleananna bunaidh agus am-líne chun a Bord a athbhúnú;
  • Go ndéanfaidh an Bord um Chuntasacht Státseirbhíse scrúdú ar an bpróiseas athbhreithnithe feidhmíochta d’Ard-Rúnaithe d’fhonn treoirlínte nua a mholadh. Ba chóir na treoirlínte seo a chur ar aghaidh chuig an gComhchoiste lena n-athbhreithniú;
  • Ba chóir do gach Roinn tabhairt láithreach faoi chórais TF Bainistíochta a chreidiúnú d’fhonn go mbeidh na córais is fearr ar fad ar fáil chun feidhmíocht a bhainistiú i réimsí amhail airgeadas, bainistiú, AD, srl. Ba chóir an córas seo a chomhtháthú ar fud na Ranna ar fad.
  • Go ndéanfaidh Painéal Athbhreithnithe Neamhspleách athbhreithniú ar Phróisis Earcaíochta agus Íocaíochta Seirbhíse Poiblí Sinsearaí agus go ndéanfar an t-athbhreithniú a thabhairt don Chomhchoiste agus don Oireachtas:
  • Go ndéanfar Ard-Rúnaí a thabhairt isteach a dhéanfadh formhaoirsiú ar nithe laethúla riaracháin, ar leith ó ábhair beartas, agus go mbeadh freagracht pholaitiúil i gcónaí ag an Rialtas maidir le rialáil agus rialú na Státseirbhíse.

Dúirt an Teachta Mac Aonghusa “Go bunúsach, tá Airí freagrach as oibriú a Ranna faoin Acht. Is éard atá i gceist leis seo leibhéal cuimsitheach cuntasachta agus freagrachta. Tá dúshlán ar leith ag baint le ról an Ard-Rúnaí, agus is minic a bhíonn de chúram ar shealbhóirí na hoifige sin éilimh chontrárthacha a réiteach. Tá difríocht dho-shéantach áfach idir an grinnscrúdú a gcaithfidh Airí dul faoi i dtéarmaí an Oireachtais agus na dtoghthóirí i gcomparáid le cuntasacht riaracháin.

Chuir an Comhchoiste rompu scrúdú a dhéanamh ar an Acht Airí agus Rúnaithe d’fhonn a mheas cibé acu is gá tuilleadh breithniú a dhéanamh ar an bpróiseas láithreach formhaoirsithe ar Ard-Rúnaithe. Is léir gur gá cur go mór le ról an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus an Choiste um Chuntais Phoiblí agus go bhfuil gá gátarach hArd-Rúnaí formhaoirsiú a dhéanamh ar gach Ard-Rúnaí agus Ard-Rúnaí Cúnta. Ní mór an chumhacht chun daoine a fhruiliú nó a bhriseadh agus smachtbhannaí a fhorchur a dhílsiú don duine sin.”

Le linn an scrúdú an rinne sé, rinne an Comhchoiste scrúdú freisin ar iasacht bheartaithe an Iar-Phríomhoifigigh Leighis chuig Coláiste na Trionóide, Baile Átha Cliath. Léiríodh sna cruinnithe seo sraith deacrachtaí ó thaobh formhaoirsiú a sholáthar lena n-áirítear a chastaí atá sé ról agus freagracht an Ard-Rúnaí a mheas, easpa próisis éifeachtaigh agus nósanna imeachtaí éifeachtacha maidir le treoirlínte iasachta, agus deacrachtaí nach iad a bhí ag an gComhchoiste le linn dóibh an topaic a scrúdú.

Dúirt an Teachta Mac Aonghusa: “Cuireann an Comhchoiste fáilte roimh an Tuarascáil ar an Athbhreithniú Seachtrach ar Iasacht Bheartaithe an Phríomhoifigigh Leighis agus molann sé go ndéanfar na moltaí atá inti a chur i bhfeidhm láithreach. Ba chóir don Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe tuarascáil a thabhairt don Chomhchoiste ar an dul chun cinn maidir leis an moltaí seo a chur i ngníomh laistigh de naoi mí.”

Dúirt an Teachta Mac Aonghusa freisin go mba mhaith leis an gCoiste buíochas a ghabháil leo siúd ar fad a chuir aighneachtaí chuig an gCoiste agus a d’fhreastal ar chruinnithe as a n-ionchur sa scrúdú ar an topaic seo.  

Tá an Tuarascáil ar an Acht Airí agus Rúnaithe 1924 ar fáil ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.

14 Comhaltaí atá ar an gComhchoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú agus an Taoiseach, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn