Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

D’fhoilsigh an Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid a Thuarascáil ar Leibhéil Láithreacha Seirbhíse:

20 Feabh 2024, 15:14

Tá an Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid, arb é Barra Ó Comhain a chathaoirleach, tar éis a Thuarascáil ar Leibhéil Láithreacha Seirbhíse a fhoilsiú, ina ndéantar sraith moltaí agus tráchtaí.

Ag labhairt dó ar an Tuarascáil, dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Barra Ó Comhain, TD “Maidir leis an méid maoinithe a theastaíonn ó ranna Rialtais chun a gcuid feidhmeanna láithreacha, nó na Leibhéil Láithreacha Seirbhíse, a chomhall ar cuid shuntasach iad den phacáiste bliantúil buiséadach agus, mar sin, is mór is tábhachtach grinnscrúdú a dhéanamh ar na bearta a úsáidtear chun na leibhéil shuntasacha mhaoinithe sin a chinneadh.

 

Dúirt an Teachta Ó Comhain freisin “Is ionann an tábhacht atá le scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear faisnéis atá ina bonn leis na Leibhéil Láithreacha Seirbhíse a chur i láthair, agus tá leanúnachas, trédhearcacht agus sonraí cuí ríthábhachtach chun go ndéanfar grinnscrúdú éifeachtach ar chaiteachas rialtais.”

 

Ceithre thrácht agus mholadh a dhéanfaidh an Coiste maidir le próiseas na Leibhéal Láithreach Seirbhíse a gcreideann sé gur chóir iad a bhreithniú le linn thimthriall Bhuiséad 2024 agus dá éis sin.

 

Achoimre ar Mholtaí agus Tráchtaí

 

Tugann an Coiste dá aire na difríochtaí sna figiúir maidir le leithroinnt Leibhéal Láithreach Seirbhíse idir foilseacháin de chuid an Rialtais agus, chuige sin, molann an Coiste go gcuirfear deireadh leis na difríochtaí sin i bhfoilseacháin amach anseo nó go bhfoilseofar iad mar aon le nóta ina míneofar difríochtaí roimhe seo.

 

Molann an Coiste go ndéanfar comhpháirteanna na Leibhéal Láithreach Seirbhíse, a leagtar amach sna Tuarascálacha Caiteachais, a imlíniú agus an oiread is féidir de mhionsonraí a bheith iontu agus gur chóir go mbeidís leanúnach ó bhliain go bliain. Ba chóir go ndéanfar aon athruithe ar chur i láthair na leithrannta Leibhéal Láithreach Seirbhíse a mhíniú go soiléir.

 

Molann an Coiste go ndéanfar, i gcás caiteachas breise suntasach nó rialta a bheith i Vótáil, go ndéanfar meastachán mionsonraithe d’fhonn caitheachas breise den sórt sin a sheachaint san am atá amach romhainn.

 

Molann an Rialtas go mbreithneoidh an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe athbhreithniú mór-scála faoi stiúir neamhspleách ar chaiteachas sláinte a sheoladh, dá dtabharfaidh IGEES tacaíocht, d’fonn a fhionnadh conas is féidir airgead a shábháil agus éifeachtúlachtaí a dhéanamh san earnáil sláinte.

Léigh tuilleadh faoin obair a dhéanann an Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid

Fiosrúcháin ó na meáin

Stephen Higgins

Tithe an Oireachtais,

Oifigeach Cumarsáide,

Teach Laighean, 

Baile Átha Cliath 2

+353 (0) 1 618 4743

+353 (0) 85 801 3096

stephen.higgins@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn