Liostáiltear saothair i mBibleagrafaíocht na Parlaiminte in Éirinn de chuid na Seirbhíse Leabharlainne agus Taighde a bhaineann leis an bparlaimint in Éirinn ó bunaíodh Dáil Éireann in 1919. Tá sé mar aidhm léi mórshaothair ábhartha uile na heolaíochta polaitiúla agus na staire a foilsíodh ó 1919 a áireamh chomh maith leis an scoláireacht is déanaí a bhaineann leis an tréimhse sin.
Má tá tú i mbun taighde agus ag scríobh faoin bparlaimint in Éirinn, is féidir leat an bhibleagrafaíocht a úsáid chun tagairtí a chruthú chuig foinsí mar leabhair, ailt irise, leathanaigh ghréasáin agus páipéir chomhdhála. Is féidir luanna nó bibleagrafaíocht a chruthú go tapa, i do rogha stíle, le haghaidh do pháipéir taighde.
Cuardaigh an bhibleagrafaíocht ar líne
Gheobhaidh tú an bhibleagrafaíocht ar Zotero.org. Is le Chrome agus Firefox is fearr a oibríonn Zotero.
Más maith leat míreanna a íoslódáil nó a easpórtáil, beidh ort clárú le haghaidh cuntas saor in aisce agus dul isteach sa ghrúpa.
Conas an bhibleagrafaíocht a chuardach
- Cuardach bunúsach
-
Cuardaigh de réir teidil, bliana nó eochairfhocail
Úsáid an barra cuardaigh ar thaobh na láimhe deise den scáileán chun cuardach de réir teidil, bliana nó eochairfhocail. Tabharfaidh sé sin gach lua duit a thagann le critéir an chuardaigh. Ní bheidh cuardaigh téacs iomláin éifeachtach le haghaidh doiciméad ar íomhánna scanta iad.
Cuardaigh de réir téama
Roghnaigh cnaipe nó clib ó thaobh na láimhe clé ag íochtar an scáileáin. Athróidh an dath ar an gcnaipe le tabhairt le fios gur roghnaíodh é agus beidh sé roghnaithe go dtí go ndéanfaidh tú é a dhíroghnú ach cliceáil air arís. Léiríonn gach cnaipe ceann de na 15 théama atá sa bhibleagrafaíocht.
- Cuardach casta
-
Féadfaidh tú cuardach a dhéanamh ar chúpla téama nó clib ag an am céanna. Cuir i gcás, ach cliceáil ar an gcnaipe Beathaisnéisí gheobhaidh tú liosta beathaisnéisí agus dírbheathaisnéisí na dTeachtaí Dála agus na Seanadóirí ó 1919 go dtí inniu. Ach cliceáil ar Beathaisnéisí agus Mná tabharfar an dá chuardach le chéile agus gheobhaidh tú liosta de bheathaisnéisí agus dírbheathaisnéisí Teachtaí Dála agus Seanadóirí mná.
- Torthaí
-
Taispeántar torthaí an chuardaigh i lár an scáileáin. Ar thaobh na láimhe clé de gach lua tá siombail a chuireann in iúl cén cineál doiciméid é, mar shampla, leabhar, alt irise, páipéar comhdhála, nó nuachtscannán. Taispeántar freisin an teideal, an t-údar, an dáta agus an t-am ar leasaíodh an lua go deireadh i dtorthaí an chuardaigh.
Ach cliceáil ar lua sna torthaí cuardaigh tabharfar chuig taifead iomlán an lua thú. Áirítear leis sin faisnéis bibleagrafaíochta bhreise agus, nuair is féidir, sliocht agus sonraí ar conas agus cén áit is féidir an fhoinse a rochtain.
Cuireann an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde seirbhís tagartha ar fáil do bhaill den phobal chun tacú lena dtaighde ar Thithe an Oireachtais. Is féidir le taighdeoirí bona fide ár mbailiúcháin a rochtain ar bhonn tagartha ach socrú a dhéanamh leis an leabharlann agus leis an mbainisteoir cartlainne.

An Dr Diarmuid Scully, Ollscoil Luimnigh
Maidir leis an tionscadal bibleagrafaíochta
Choimisiúnaigh Seirbhís Leabharlainne agus Taighde (SLaT) an Oireachtais an bhibleagrafaíocht mar chuid de Dáil100, clár Thithe an Oireachtais chun comóradh céad bliain bhunú na Chéad Dála a cheiliúradh. Tiomsaíodh í i gcomhpháirtíocht leis an Dr Diarmuid Scully ag Roinn na Polaitíochta agus an Riaracháin Phoiblí in Ollscoil Luimnigh, a fuair tacaíocht ón Roinn Staire, ón Roinn Dlí agus ó Leabharlann Glucksmann in Ollscoil Luimnigh.

Tuilleadh sonraí faoin tionscadal bibleagrafaíochta
- Cén chaoi ar cuireadh an bhibleagrafaíocht le chéile?
-
Rinneadh cuardach cuimsitheach ar bhreis is 460 bunachar sonraí ar líne lena n-áirítear Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Leabharlann na Comhdhála sna Stáit Aontaithe, Leabharlann na Breataine, Cartlann Náisiúnta na hÉireann, Leabharlann na Parlaiminte agus cartlanna gach ceann de sheacht n-ollscoil na hÉireann.
- Cé chomh minic is a thugtar an bhibleagrafaíocht chun dáta?
-
Tabharfar an bhibleagrafaíocht chun dáta i mí an Mhárta agus i mí Mheán Fómhair 2019, agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin.
- Cé na téamaí a chumhdaítear?
-
Roghnaíodh 15 théama chun léiriú a thabhairt ar bhunú na Parlaiminte, ar a ballraíocht agus ar na hathruithe a tháinig uirthi le himeacht na mblianta. Tá clib ag gabháil le gach téama.
- Bunú na Parlaiminte - Bunú
- Riarachán an Oireachtais - Riarachán
- Ról an Oireachtais - Ról
- Gnó na Parlaiminte - Gnó
- Athchóiriú na Parlaiminte - Athchóiriú
- Beathaisnéisí/dírbheathaisnéisí Chomhaltaí den Oireachtas - Beathaisnéisí
- Saothair a scríobh comhaltaí - Saothair Comhaltaí
- Na Mná san Oireachtas - Mná
- Stair agus forbairt na bpáirtithe polaitíochta - Páirtithe
- An feachtas ar son cheart vótála na mban - Ceart Vótála
- Forbairt ar Theach Laighean agus foirgnimh pharlaiminte ghaolmhara ó 1922 - Foirgnimh
- Olltoghcháin agus Toghcháin an tSeanaid - Toghcháin
- Oibreacha Tagartha Ginearálta - Tagairtí
- Ábhar fuaime - Gearrthóg fuaime
- Gearrthóga físe agus scannáin - Gearrthóga Físe/Scannáin
- Cérbh iad na critéir roghnúcháin?
-
Ba iad seo a leanas na critéir le hábhar a chur sa bhibleagrafaíocht:
- Ábharthacht: ábhartha do cheann amháin de na 15 théama nó níos mó
- Caighdeán: ailt irise piar-athbhreithnithe, leabhair ó fhoilsitheoirí acadúla clúiteacha agus saothair ghinearálta ó scoláirí agus tráchtairí bunaithe
- Luach stairiúil: míreanna a bhfuil luach stairiúil ag gabháil leo amhail an Conradh Angla-Éireannach, Bunreacht na hÉireann agus doiciméid bhunaithe na mórpháirtithe polaitíochta
- Spéis ghinearálta: míreanna spéise ginearálta lena n-áirítear saothair Comhaltaí den Oireachtas, iriseoirí agus daoine eile
- Inrochtaineacht: míreanna atá inrochtana ar líne nó a bhfuil sonraí ina gcuid liostálacha faoi conas a d’fhéadfaí iad a rochtain
Téigh i dteagmháil leis an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde
An tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20