Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cinn Chomhairle na nOileán á Óstáil ag an gCeann Comhairle, an Teachta Seán Ó Fearghaíl.

23 Jul 2023, 11.00

Grianghraf grúpa rannpháirtithe chomhdháil Cinn Chomhairle na nOileán, 2023

Mar thoradh ar an gcéad ócáid seo den chomhdháil, Cinn Chomhairle na nOileán, tugadh cinn chomhairle agus cléirigh na bparlaimintí agus na dtionól ó na hoileáin in aice láimhe le chéile chun ábhair a bhaineann leo go léir a phlé.

Bhí an t-imeacht ar siúl i gCaisleán Chill Chá ón Domhnach (an 23 Iúil) go dtí an Mháirt (an 25 Iúil). Chruthaigh sé deis chun eolas agus taithí a roinnt le comhghleacaithe ar fud líonraí parlaiminte agus chun feabhas a chur ar chaidrimh oibre. Cuireadh in iúl i gcaitheamh na hócáide go bhfuilimid uile sna hoileáin seo tiomanta do thréanchaidreamh idirpharlaiminteach a choinneáil tar éis an Bhreatimeachta.


Clár na comhdhála

Cuireadh an clár maidir le ‘Cinn Chomhairle na nOileán’ le chéile ar mhaithe le caint agus comhrá faoi ábhair thábhachtacha a spreagadh i suíomh comhoibríoch. Bhí modhnóirí seachtracha a raibh taithí acu ina n-éascaitheoirí ar sheisiúin agus ar phlé, agus spreagadh na toscairí go léir chun cur leis na himeachtaí agus chun páirt a ghlacadh iontu.

Plé painéil agus comhchéime a bhí i gceist leis na seisiúin, a ndearna modhnóir a raibh taithí aige/aici éascaíocht orthu. Iarradh ar shlám aoichainteoirí — atá chun tosaigh ina réimse saineolais — a bheith ar phainéal i gcomhair gach seisiúin. Cuireadh ar chumas an lucht féachana a bheith páirteach agus, go deimhin, tugadh spreagadh dóibh amhlaidh a dhéanamh.


Téama 1: Pribhléid pharlaiminteach: réalaíoch nó iomarcach?

 

Painéalaithe ag déanamh plé ar chéad théama na comhdhála

Painéalaithe ag déanamh plé ar chéad théama na comhdhála

Dé Luain, 24 Iúil – 9.45 a.m.

Cuireadh tús leis an seisiún seo tar éis aitheasc fáilte ó óstach na comhdhála, Cinn Chomhairle na nOileán, Ceann Comhairle Dháil Éireann, an Teachta Séan Ó Fearghaíl.

Cuid ríthábhachtach den daonlathas parlaiminteach is ea pribhléid pharlaiminteach. Mar thoradh ar an bpribhléid pharlaiminteach, tá sé de cheart ag parlaimintí a rialacha féin a dhéanamh agus a ngnóthaí inmheánacha féin a rialú. Ina theannta sin, déantar cinnte de gur féidir le comhaltaí parlaimintí labhairt go hoscailte i ndíospóireachtaí parlaiminte, gan a bheith buartha faoi chásanna clúmhillte féideartha.

Laistigh de na forálacha bunreachtúla, cuireann rialacha parlaiminte maidir le díospóireacht teorainn le saoirse cainte na gcomhaltaí. Tagann conspóidí chun cinn ó am go chéile nuair a bhaineann Comhaltaí leas as pribhléid pharlaiminteach chun daoine lasmuigh den pharlaimint a ainmniú. Cad é an bealach is fearr le freastal ar chearta na gcomhaltaí parlaiminte agus ar chearta na ndaoine lasmuigh den pharlaimint araon?

Rinne Áine Lawlor agus Gavan Reilly modhnóireacht ar an seisiún.

Ar an bpainéal:

Conleth Bradley, abhcóide atá ag cleachtadh a ghairme agus a bhfuil dochtúireacht sa rialachas aige

An t-iarPhríomh-Bhreitheamh Frank Clarke, Uachtarán an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí

Mellissa English, an Príomhchomhairleoir Dlí Parlaiminte do Thithe an Oireachtais

An tOllamh David Farrell, Ollúnacht na Polaitíochta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

An tOllamh Paul Wragg, Ollamh le Dlí na Meán in Ollscoil Leeds

 

Téama 2: Eitic agus caighdeáin sa saol poiblí: an daonlathas parlaiminteach a chosaint sa lá atá inniu ann.

Painéalaithe ag déanamh plé ar dhara téama na comhdhála

Painéalaithe ag déanamh plé ar dhara téama na comhdhála

Dé Luain, 24 Iúil – 2.00 p.m.

Tá páirtithe polaitíochta agus an iomaíocht le haghaidh cumhacht pholaitiúil den riachtanas faoi choinne daonlathas inbhuanaithe agus is dlúthchuid den phróiseas sin an t-airgead. Téann an chaoi a gcruinníonn páirtithe cistí agus an chaoi a rialaítear airgeadas na bpáirtithe i gcion ar nádúr na hionadaíochta daonlathaí.

Téann scannail faoi chaimiléireacht agus airgeadas polaitiúil i bhfeidhm ar an muinín atá ag daoine as institiúidí polaitíochta. Bíonn tionchar ag scannail ar an vótáil agus is dealraitheach go gcuireann scannail airgeadais isteach go mór ar vótálaithe; ní chuireann scannail ghnéis nó scannail pholaitíochta isteach orthu an oiread céanna. An mbíonn tionchar ag tuairisciú scannal, nó ag tuairisciú scannal airbheartaithe, ar chur chuige na bpáirtithe polaitíochta i leith smachta?

Rinne Áine Lawlor agus Gavan Reilly modhnóireacht ar an seisiún.

Ar an bpainéal:

Elaine Byrne, abhcóide agus údar ar Political Corruption in Ireland 1922-2010: A Crooked Harp

Stephen Collins, colúnaí polaitíochta leis an nuachtán, The Irish Times

Daniel Greenberg, Coimisinéir Parlaiminte um Chaighdeáin, Teach na dTeachtaí.

Olivia O’Leary, craoltóir agus láithreoir

Garrett Sheehan, cathaoirleach an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

 

Téama 3: Dioscúrsa poiblí agus cúrsaí slándála i saol na polaitíochta: an tionchar ar pharlaiminteoirí.

Dé Máirt, 25 Iúil – 9.00 a.m.

Bheifí ag súil le gearradh agus sárú de chineál éigin idir polaiteoirí atá in iomaíocht le chéile, idir páirtithe atá in iomaíocht le chéile agus idir a lucht tacaíochta ach is ríthábhachtach gan ligean do dhíospóireacht láidir dul as smacht; níor mhaith linn go mbeadh ciapadh nó rud éigin níos measa ann. Is cuid den saol timpeall na cruinne an foréigean polaitiúil, go háirithe le linn toghchán agus aistriú cumhachta. Bíonn polaiteoirí sa bhearna bhaoil nuair a bhíonn siad i mbun a ndualgas agus is beag idir gníomhaíochtaí chun polaiteoirí agus daoine eile a chosaint ar mhí-úsáid ar líne agus cinsireacht pholaitiúil.

Conas is féidir le polaiteoirí tionchar a imirt ar an dioscúrsa polaitiúil? Conas is féidir dul i ngleic le slándáil na bpolaiteoirí ar líne agus san fhíorshaol araon? An bhfuil rudaí ar leith a spreagann an mhí-úsáid a dhéantar ar pholaiteoirí?

Rinne Áine Lawlor agus Gavan Reilly modhnóireacht ar an seisiún.

Ar an bpainéal:

An tAmbasadóir Claire Cronin, Ambasadóir Mheiriceá chun na hÉireann.

Proinséas Mhic Gearailt, FPE do Chathair agus do Chontae Bhaile Átha Cliath

Sir Lindsay Hoyle, Spéicéir Theach na dTeachtaí

Sam McBride, eagarthóir Thuaisceart Éireann ar an Belfast Telegraph agus an Sunday Independent

Anne Marie McMahon, Leas-Choimisinéir an Gharda Síochána um póilíneacht agus slándáil

Chris Yiu, Stiúrthóir um Beartais Poiblí le haghaidh Thuaisceart na hEorpa in Meta

Labhraíonn John McFall, Baron McFall of Alcluith, Spéicéir Theach na dTeachtaí, ar an ábhar.

Labhraíonn John McFall, Baron McFall of Alcluith, Spéicéir Theach na dTeachtaí, ar an ábhar.

Barr
Roinn