Tá suíomh gréasáin nua ar a dtugtar Gnó na Dála seolta mar an spriocfhoinse le haghaidh na míreanna gnó go léir atá faoi bhráid Dháil Éireann. Ó mhí Eanáir 2022 ar aghaidh, ní fhoilseofar Riar na hOibre ná Riar na hOibre forlíontach mar PDF.
Le suíomh gréasáin Ghnó na Dála, tugtar rochtain 24/7 ar an sceideal suí. Ligtear duit leis míreanna gnó a chuardach, iad a phionnáil agus iad a dháileadh go héasca ar na meáin shóisialta. Is féidir leat rochtain a fháil ar Ghnó na Dála ar gach gléas agus is féidir leat PDF inchlóite a ghiniúint fiú.
Is féidir an suíomh gréasáin a úsáid le faisnéis a aimsiú a bhaineann leis an tseachtain reatha, lena n-áirítear:
- Sceideal an ghnó
- Billí atá sceidealaithe i gcomhair plé agus iad siúd ar cuireadh ar aghaidh chuig Seanad Éireann iad
- Rúin atá sceidealaithe i gcomhair plé
- Ráitis atá sceidealaithe lena ndéanamh
- Teachtaireachtaí airgeadais ón Rialtas a bhaineann le caiteachas molta i mBillí agus i Meastacháin
Is ionann suíomh gréasáin Ghnó na Dála agus cloch mhíle shuntasach ar aistear an Chlaochlaithe Dhigitigh againn. Is é an fhís atá againn i dtaca leis an gClaochlú Digiteach, go gcuirfear rochtain éasca oscailte ar an Oireachtas ar fáil don uile dhuine, agus go n-éascófar an claochlú seo le réitigh chomhtháite iomasacha chomhoibríocha dhigiteacha.