Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad100: tús curtha le comóradh ar chothrom céad bliain Sheanad Éireann

15 Feb 2022, 19.06

Seanad100 á sheoladh ag Mary Robinson, David Norris agus Mark Daly

Déanfaidh Tithe an Oireachtais comóradh ar chothrom céad bliain Sheanad Éireann i mbliana.

Bhí beirt de na comhaltaí is mó aitheantais de chuid Sheanad Éireann in éineacht leis an gCathaoirleach, an Seanadóir Mark Daly, inniu chun clár imeachtaí na bliana a sheoladh chun comóradh a dhéanamh ar chothrom céad bliain an Tí Uachtaraigh. D’fhéach an Seanadóir David Norris agus an t‑iarSheanadóir Mary Robinson siar ar ról Sheanad Éireann le céad bliain anuas agus tábhacht na n‑ábhar a pléadh agus a cuireadh chun cinn i ndíospóireachtaí an tSeanaid.

Sna 10 mí amach romhainn beidh léachtaí, taispeántas, clár faisnéise, turais théamacha ar Theach Laighean, imeachtaí Oíche Chultúir agus díospóireachtaí do scoláirí mar chuid de chlár Seanad100 – Glórtha Mionlaigh, Athruithe Móra chun béim a leagan ar ról an tSeanaid ó 1922 i leith, roimh shuí deasghnách i mí na Nollag.

Barr
Roinn