De réir na riachtanas reachtaíochta, tá Seirbhís Thithe an Oireachtais i ndiaidh a Tuarascáil ar an mBearna Phá idir na hInscní don bhliain 2023 a fhoilsiú.
Leis an Acht um Fhaisnéis faoin mBearna Phá idir na hInscní, 2021, ceanglaítear ar eagraíochtaí ag a bhfuil os cionn 250 fostaí tuairisc a thabhairt ar an mbearna phá idir na hinscní (san uair an chloig) ina n-eagraíocht thar réimse méadrachtaí. Chuir Seirbhís Thithe an Oireachtais a céad tuarascáil ar an mbearna phá idir na hinscní i gcló i mí na Nollag 2022.
Leagtar amach sa tuarascáil seo na bearta arna nglacadh ag Seirbhís Thithe an Oireachtais in 2023 maidir leis an mbearna phá idir na hinscní.