Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Díospóireachtaí an Oireachtais: Súil siar ar an mbliain

16 Jan 2024, 09.00

Grianghraf daite leathanuilleach ina dtaispeántar Seomra na Dála gan aon duine ann

Agus na Tithe ar ais ón sos, amharcaimid ar an obair a rinneadh sa Dáil, sa Seanad agus sna coistí sa bhliain 2023.

Cruinnithe na dTithe agus na gcoistí

Bliain ghnóthach ab ea é ó thaobh suíonna sa Dáil agus sa Seanad. Reáchtáladh comhshuíonna de na Tithe le linn na bliana freisin, go háirithe an comhshuí dár thug Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Joseph R. Biden, aitheasc. An tráth céanna, reáchtáladh 616 cruinniú coiste i seisiún poiblí.

Cuir an cúrsóir thar na míreanna difriúla den chairt chun a fháil amach cé chomh minic agus a tháinig gach comhlacht parlaiminte le chéile.

Líonta focal na Tuairisce Oifigiúla

Cé gur tionóladh níos mó cruinnithe coiste ná cruinnithe den Dáil agus den Seanad, tá líonta focal na Tuairisce Oifigiúla ar chruinnithe na gcoistí agus ar chruinnithe na dTithe beagnach mar an gcéanna.

Bhí thart ar 11.76 milliún focal i gceist leis an Dáil agus an Seanad sa bhliain agus bhí timpeall 11.55 milliún focal i gceist leis na coistí. Tá tuairim is 12.73 milliún focal breise sa Tuairisc Oifigiúil a bhaineann le freagraí scríofa ar cheisteanna parlaiminte nár pléadh ar urlár na Dála.

Déan iniúchadh ar na líonta focal sa léirshamhlú idirghníomhach thíos ach an cúrsóir a chur thar na ciorcail.

Ceisteanna Parlaiminte

Is cuid mhór de na díospóireachtaí parlaiminte iad ceisteanna parlaiminte. Foilsíodh 51,870 ceist agus freagra ar an ngréasán sa bhliain 2023, an tríú líon is airde riamh.

Féadann tú na ceisteanna sa léirshamhlú idirghníomhach seo a fhiosrú ach an cúrsóir a chur thar na míreanna den chairt chun faisnéis a fháil faoi na ceisteanna a cuireadh (arna rangú de réir dáilcheantair, páirtí, cineál ceiste agus na Roinne ar a bhfuil na ceisteanna dírithe).

Féach ar ár n-uirlis, Fiosraitheoir CP, chun scrúdú níos mine a dhéanamh ar cheisteanna.

Faightear na sonraí uile ó chomhéadan feidhmchláir sonraí oscailte an Oireachtais.

Barr
Roinn