3 Noll 2018, 17:05
Breithneoidh an Comhchoiste um Dhlí agus Ceart agus Comhionannas an Bille um Bannaí (Leasú) 2017, Dé Céadaoin ar 9 a.m.
Beartaítear leis an mBille Comhaltaí Príobháideacha forais nua le haghaidh diúltú do choinníollacha bannaí agus ceanglais nua le haghaidh faireachán leictreonach in imthosca áirithe ina ndeonaítear bannaí, a thabhairt isteach.
Ar na finnéithe sceidealta, beidh
- Séamus Ó Ceallacháin TD, tionscnóir an Bhille
- Mary Rogan, Ollamh Comhlach le Dlí i gColáiste na Trionóide, Baile Átha Cliath
- Joan Deane, Leaschathaoirleach AdVIC (Tacadóirí le hÍospartaigh Dhúnbháis)
- Deirdre Malone, Stiúrthóir Feidhmeach Iontaobhas na hÉireann um Athchóiriú an Chórais Choiriúil
Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 2 a fheiceáil beo anseo.
Fiosrúcháin ó na meáin
Seán Pogaĉnik
Oifigeach Cumarsáide
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4203
+353 86 701 3295
shawn.pogatchnik@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews