Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

GLAONN AN GASRA OIBRE UM PRIBHLÉID PHARLAIMINTEACH AGUS CEARTA NA SAORÁNACH AR AIGHNEACHTAÍ SCRÍOFA

18 Iúil 2019, 10:11

GLAONN AN GASRA OIBRE UM PRIBHLÉID PHARLAIMINTEACH AGUS CEARTA NA SAORÁNACH AR AIGHNEACHTAÍ SCRÍOFA

Mar thoradh ar an dá bhreithiúnas ón gCúirt Uachtarach i gcás Kerins v McGuinness agus Ors (Kerins v Dáil Éireann & Ors) [2019] IESC 11 agus [2019] IESC 42, tá Tithe an Oireachtais ag déanamh athbhreithniú ar a nósanna imeachta, go háirithe a mBuan-Orduithe (Rialacha Nóis Imeachta), d’fhonn a chinntiú go n-urramaítear cearta na saoránach ó thus go deireadh an phróisis pharlaimintigh. Chuige sin, bhunaigh Coiste na Dála um Nós Imeachta agus Coiste an tSeanaid um Nós Imeachta agus Pribhléidí (‘na Coistí’) gasra oibre d’oifigigh pharlaiminteacha chun breithniú a dhéanamh ar na réitigh agus na freagairtí ar na breithiúnais agus chun tuairisciú do na Coistí go luath i ndáil leis na nithe seo a leanas:

  • Nósanna imeachta na dTithe agus na gCoistí,
  • Sásraí formhaoirseachta,
  • Cearta na saoránach, agus, ina theannta sin, réitigh agus smachtbhannaí, agus
  • Ról Sheirbhís Thithe an Oireachtais.

Tá cinneadh déanta ag an nGasra Oibre tuairimí a iarraidh, i bhfoirm aighneachtaí scríofa, ó pháirtithe leasmhara iomchuí maidir leis na ceithre réimse seo a leanas ar tharraing an Chúirt Uachtarach aird orthu:

  1. an gá go mbeadh téarmaí tagartha soiléire ag Coistí den Oireachtas agus go gcloífidh na Coistí leis na téarmaí sin;
  2. an gá atá le soiléire i ndáil le cuirí a eisíonn Coistí chuig finnéithe, agus go gcloífidh an Coiste le téarmaí na gcuirí sin;
  3.  seoladh éisteachtaí i gcoitinne ag an gCoiste agus an mhaoirseacht a dhéanann an Cathaoirleach ar na héisteachtaí sin; agus
    1. an gá go mbeadh réitigh ar fáil do dhaoine a bhféadfadh sárú a gcearta ag Coiste difear a dhéanamh dóibh.

Is é Dé Máirt, an 13 Lúnasa, an dáta deiridh chun aighneachtaí a fháil agus is féidir tuilleadh faisnéise a fháil anseo

Barr
Roinn