19 Feabh 2020, 19:04
Tá na hainmnithe bailí seo a leanas glactha ag Cléireach Dháil Éireann, an tUasal Peadar Ó Fionnagáin, agus meastar, dá réir sin, gur iarrthóirí iad ar phost an Cheann Comhairle.
Is iad seo a leanas na hainmnithe:
- Donnacha Ó Neachtain – Ros Comáin-Gaillimh
- Seán Ó Fearghaíl, Cill Dara Theas
Comórfar an 33ú Dáil ar 12 meán lae amárach, Déardaoin, an 20 Feabhra.
I dtosach, léifidh Cléireach Dháil Éireann an Forógra, a bheidh faighte ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn, ag comóradh an 33ú Dáil agus, ina dhiaidh sin, léifidh sé an Tuarascáil maidir le heisiúint na n-eascairí agus, ansin, ainmneacha na gComhaltaí a toghadh i ngach Dáilcheantar de réir an oird inar toghadh iad.
Is é an chéad mhír ghnó eile ina dhiaidh sin Ceann Comhairle a thoghadh.
Roghnófar an Ceann Comhairle trí rúnbhallóid agus, ansin, déanfar an duine a roghnaíodh a thoghadh go foirmiúil trí vótáil phoiblí sa Dáil.