10 Beal 2021, 14:56
Beidh cruinniú ag an gCoiste um Oideachas, Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht amárach chun leanúint ar aghaidh lena n-iniúchadh ar Bhulaíocht ar Scoil agus an Tionchar ar an Meabhairshláinte.
Plé comhchéime le heagraíochtaí agus leo siúd a mhúineann scileanna idirlín do dhaoine óga a bheidh i gceist, agus is é an dara cruinniú i sraith de chruinnithe coiste ag a mbeidh páirtithe leasmhara ábhartha os comhair an choiste agus a bheidh ar siúl suas go dtí tús mhí Iúil.
Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Paul Kehoe TD “Dé Máirt seo caite tháinig Síceolaithe/ Síciteiripeoirí i seirbhísí meabhairshláinte do leanaí agus dhaoine óga agus an tOmbudsman do Leanaí os comhair ár gcoiste agus muid ag tosú ar ghrinnscrúdú ar an ábhar seo atá thar a bheith tromchúiseach. An tseachtain seo, beifear ag fiosrú na gnáthbhulaíochta chomh maith le sábháilteacht dhigiteach agus cibearbhulaíocht le heagraíochtaí a ghníomhaíonn ar son daoine óga agus freisin le saineolaithe a mhúineann na scileanna riachtanacha do dhaoine óga agus do dhaoine fásta le gur féidir leo an t-idirlíon a úsáid go sábháilte, agus a chothaíonn láidreacht i ndaoine óga agus iad ag plé leis an saol ar líne.”
Déanfar sruthú beo ar an gcruinniú amárach ar Theilifís an Oireachtais agus é tosú ar 3.30pm i Seomra Coiste 3, agus na finnéithe seo a leanas i láthair.
· Barnardos
. An Chomhghuaillíocht um Chearta Leanaí
· Leanaí Cibearshábháilte (Cybersafe Kids)
Cuimsiú Éireann
· Gaois Gréasáin (Webwise)
Dúirt an Cathaoirleach Kehoe freisin: “Is léir go mbíonn ár bhfinnéithe tiomanta do chabhrú le daoine óga, ach fadhb mhór fós atá sa bhulaíocht a théann i bhfeidhm ar go leor daoine, chualamar an tseachtain seo caite gur tharla bulaíocht do thart ar 80% de leanaí a d’fhreastail ar sheirbhís síciteiripeora amháin. Is ríthábhachtach cultúr agus éiteas scoileanna ach is tábhachtach freisin a bheith muiníneach agus cróga chun gur féidir labhairt fúithi agus na scileanna agus an tuiscint a chur ar fáil do dhaoine óga agus do dhaoine fásta le gur féidir leo teacht thar dhúshláin na bulaíochta. Táimid ag súil go mór lena dtuairimí a chloisteáil.”
Le haghaidh níos mó eolais faoi obair an Chomhchoiste ar Oideachas, Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht féach ar leathanach gréasáin an Choiste.
Comhaltas coiste
Teachtaí