Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Plé le déanamh ag an gComhchoiste um Ghníomhú ar son na hAeráide le páirtithe leasmhara in earnáil na mara ar Sprioc 2030 chun Astaíochtaí Carbóin a laghdú

10 Beal 2021, 15:00

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste ar Ghníomhú ar son na hAeráide amárach, Dé Máirt, an 11 Bealtaine, chun plé a thosú arís faoi Astaíochtaí Carbóin na hÉireann a laghdú faoi 51 faoin gcéad faoi 2030 le páirtithe leasmhara ó earnáil na mara.

Ag an gcruinniú, a bheidh ar siúl ar 12.30pm i Seomra Coiste 1 i dTeach Laighean labhróidh na daoine seo a leanas:

An Dr Simon Berrow, An Grúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna;

·         Athchóiriú Sceireacha d’Oisrí Dúchais in Éirinn;

·         Ellen McMahon, An Líonra Uisce Inbhuanaithe; agus

·         An tOllamh Ken Whelan, Stiúrthóir Taighde, Iontaobhas an Bhradáin Atlantaigh.

Dúirt Leaschathaoirleach an Choiste, Brian Leddin: “Tá an Coiste tar éis aontú go dtabharfar faoi anailís ar gach earnáil d’fhonn iniúchadh a dhéanamh ar conas is féidir an laghdú sin a bhaint amach agus táimid ag díriú ar earnáil na talmhaíochta agus earnáil na mara anois, earnálacha atá taobh thiar de 35 faoin gcéad d’astaíochtaí iomlána na hÉireann. Leis an obair seo, tá na Comhaltaí ag iarraidh iniúchadh a dhéanamh freisin ar staid bhithéagsúlacht na hÉireann, ar a gaol le maolú agus oiriúnú aeráide agus ar an bhféidearthacht go n-úsáidfí réitigh atá bunaithe ar an dúlra. Tá an Coiste ag súil leis na hábhair sin agus le hábhair ghaolmhara a phlé lenár gcuid páirtithe leasmhara.”

Tá 14 Chomhalta ag an gComhchoiste ar Ghníomhú ar son na hAeráide, naonúr comhaltaí ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 1 a fheiceáil beo ar Oireachtas.ie.

Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste ar Aip Fón Cliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil d’fhearais Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn