25 Beal 2021, 09:38
Leanfaidh an Comhchoiste um Oideachas, Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht ar aghaidh lena bplé ar Bhulaíocht ar Scoil agus an Tionchar a bhíonn aici ar an Meabhairshláinte le hionadaithe ó Bhoird Oideachais agus Oiliúna na hÉireann (ETBI), Cumann Bainistíochta na mBunscoileanna Caitliceacha (CPSMA), agus an Comhchumann Bainistíochta/Cumann Bainistíochta na Meánscoileanna Caitliceacha (JMB/AMCSS).
Beidh ETBI, CPSMA agus JMB/AMCSS ag an gcruinniú inniu, ag 3:30 pm, Dé Máirt, an 25 Bealtaine.
Beidh an comhrá inniu ar an gceathrú ceann i sraith de chruinnithe coiste ag a mbeidh geallsealbhóirí ábhartha os comhair an choiste agus a bheidh ar siúl suas go dtí tús mhí Iúil.
Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt an Cathaoirleach, Paul Kehoe, TD: “Leanfaimid ar aghaidh lenár gcomhrá tábhachtach ar Bhulaíocht ar Scoil agus an Tionchar a bhíonn aici ar an Meabhairshláinte. Fuair an Coiste léargas breise an tseachtain seo caite ar na dúshláin a bhíonn ag múinteoirí maidir le dul i ngleic leis an mbulaíocht. D’éisteamar le guthanna na scoláirí freisin. Buailfimid le Comhlachtaí Pátrúin an tseachtain seo chun na dúshláin a bhíonn acu a phlé.”
Dúirt an Cathaoirleach an méid seo a leanas, “Cuireann an Coiste fáilte roimh an deis seo le cloisteáil ó fhinnéithe, rud a chuirfidh go mór lenár dtuiscint ar gach a tharlaíonn i scoileanna; ar an mbealach ar féidir linn cuidiú le scoláirí, tuismitheoirí agus múinteoirí agus leis an bpobal scoile uile; agus má tá aon athrú nach mór dúinn a bhreithniú chun cuidiú le dul i ngleic leis na fadhbanna sin.
Déanfar an cruinniú ag 3:30pm i Seomra Coiste 4 i dTeach Laighean a chraoladh.
Tá 14 Chomhalta ag an gComhchoiste um Dhlí agus Ceart, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.
Is féidir leat amharc ar an gcruinniú i Seomra Coiste 4 ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar Leathanach Gréasáin an Choiste. Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste ar Aip Fón Cliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil d’fhearais Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na meáin
Jason Kiernan
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4486
+353 86 701 5235
Twitter: @OireachtasNews
Comhaltas coiste
Teachtaí