Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Athchromfaidh an Coiste Talmhaíochta ar an díospóireacht ar shaincheisteanna a bhaineann le tionscal na foraoiseachta leis an Aire Pippa Haicéid

3 Lún 2021, 15:15

 Athchromfaidh an Comhchoiste um Thalmhaíocht, Bia agus Muir ar an díospóireacht ar shaincheisteanna a bhaineann le tionscal na foraoiseachta nuair a bheidh cruinniú aige leis an Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Haicéid, amárach, Dé Céadaoin, 4 Lúnasa.

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú ar 2 p.m. i Seomra Coiste 3 de Theach Laighean, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Seán Ó Cathail: “Is mór ag an gCoiste an deis cruinniú a bheith aige leis an Aire Haicéid chun ábhair imní faoi thionscal na foraoiseachta a phlé. Tá sé seo ag teacht tar éis an idirphlé a bhí againn le hoifigigh ón Roinn ag deireadh mhí na Bealtaine.

“Ba mhaith linn plé a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le gealltanais a tugadh sa Chlár Rialtais chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí atá roimh thionscal na foraoiseachta agus ar na hiarmhairtí a leanfaidh astu sin d’earnálacha eile den gheilleagar, lena n-áirítear tionscal na foirgníochta a bhfuil brú ann mar gheall ar an easpa soláthairtí adhmaid. Is ábhar imní faoi leith dúinn an leibhéal foraoisithe agus go bhfuil an chuma ann nach gcuirfear i gcrích ach 20 go 25 faoin gcéad den sprioc sa Chlár Rialtais i mbliana.

“Ba mhaith le comhlataí freisin an titim sa líon ceadúnas leagtha crann a eisíodh le seachtainí beaga anuas a phlé a ndeirtear linn gur mar gheall é seo ar rialachán nua a thabhairt isteach lenar gá 30 lá le haghaidh comhchomhairliúchán poiblí do thionscadail a thiocfaidh faoi réim na Treorach maidir le Gnáthóga.”

Is féidir leat breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 3 ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.

14 chomhalta atá ar an gComhchoiste um Thalmhaíocht, Bia agus Muir, naonúir as an Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir teacht ar thuilleadh faisnéise ar leathanach gréasáin tiomanta an Choiste. Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn