Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cruinniú an Chomhchoiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin le cathaoirleach Pobal, Rosarii Mannion

21 MFómh 2021, 15:15

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin le cathaoirleach animnithe Pobal, Rosarii Mannion, i dTeach Laighean amárach, Dé Céadaoin, an 22 Meán Fómhair.

Beidh an cruinniú ar siúl i Seomra Coiste 3 ar 9 a.m.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Donnacha Ó Neachtain TD: “Cuireann an Coiste fáilte roimh an idirghabháil seo le Roasarii Mannion agus í ag ullmhú le tosú ar a ról nua le Pobal.

Déanann Pobal maoiniú AE agus Rialtais a bhainistiú chun aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste agus chun tacú le hionchuimsitheacht shóisialta. Soláthraíonn sé seirbhísí bainisteoireachta agus tacaíochta do thart ar 31 chlár thar raon fairsing réimsí lena n-áirítear ionchuimsitheacht shóisialta, cúram leanaí luath-óige agus oideachas, forbairt phobail, síocháin agus athmhuintearas, comhionannas, tacaíochtaí margaidh saothair agus oideachas agus oiliúint. Leithroinn sé €717 milliún in 2020.

Is fairsing gabhálacht Pobal. Leithroinn sé thart ar €717 milliún in 2020.  Oibríonn sé ar bhonn uile-oileánda agus fostaíonn sé foireann de bhreis ar 500. Tá an Coiste ag tnúth leis an idirghabháil seo chun foghlaim faoi chúlra gairme Rosarii Mannion agus a cuspóirí do Pobal sna blianta amach romhainn.”

Is féidir breathnú ar an gcruinniú beo.

Barr
Roinn