21 MFómh 2021, 15:15
Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin le cathaoirleach animnithe Pobal, Rosarii Mannion, i dTeach Laighean amárach, Dé Céadaoin, an 22 Meán Fómhair.
Beidh an cruinniú ar siúl i Seomra Coiste 3 ar 9 a.m.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Donnacha Ó Neachtain TD: “Cuireann an Coiste fáilte roimh an idirghabháil seo le Roasarii Mannion agus í ag ullmhú le tosú ar a ról nua le Pobal.
Déanann Pobal maoiniú AE agus Rialtais a bhainistiú chun aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste agus chun tacú le hionchuimsitheacht shóisialta. Soláthraíonn sé seirbhísí bainisteoireachta agus tacaíochta do thart ar 31 chlár thar raon fairsing réimsí lena n-áirítear ionchuimsitheacht shóisialta, cúram leanaí luath-óige agus oideachas, forbairt phobail, síocháin agus athmhuintearas, comhionannas, tacaíochtaí margaidh saothair agus oideachas agus oiliúint. Leithroinn sé €717 milliún in 2020.
Is fairsing gabhálacht Pobal. Leithroinn sé thart ar €717 milliún in 2020. Oibríonn sé ar bhonn uile-oileánda agus fostaíonn sé foireann de bhreis ar 500. Tá an Coiste ag tnúth leis an idirghabháil seo chun foghlaim faoi chúlra gairme Rosarii Mannion agus a cuspóirí do Pobal sna blianta amach romhainn.”
Is féidir breathnú ar an gcruinniú beo.
Comhaltas coiste
Teachtaí