Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Thalmhaíocht, Bia agus Muir chun athchromadh ar Ghrinnscrúdú Réamhreachtach ar an mBille um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta (Beatha agus Leasú Íocleasaithe), 2022

5 DFómh 2022, 10:00

Tiocfaidh an Comhchoiste um Thalmhaíocht, Bia agus Muir le chéile tráthnóna inniu chun athchromadh ar Ghrinnscrúdú Réamhreachtach ar Scéim Ghinearálta an Bhille um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta (Beatha agus Leasú Íocleasaithe), 2022

Déanfar sa chruinniú ar 5.30pm i Seomra Coiste 3 de Theach Laighean plé ar an reachtaíocht bheartaithe le hionadaithe ó Chumann Neamhspleách na gCeannaithe Ceadúnaithe (ILMA) agus Aontas Cógaiseoirí na hÉireann (IPU).

Le linn cruinniú ar leithligh, a thósófar ar 7pm gheobhaidh an Coiste faisnéisiú faoi Spriocanna Athchóirithe Dúlra an Aontais Eorpaigh ón Uasal Niall Curley, Comhairleoir Beartais, Bithéagsúlacht, Ithir agus Uisce, Copa-Cogeca.

14 Chomhaltaí atá ar an gComhchoiste um Thalmhaíocht, Bia agus Muir a bhfuil an Teachta Seán Ó Cathail ina Chathaoirleach air.

Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 3 a fheiceáil beo ar Oireachtas TV: http://www.oireachtas.ie/parliament/watchlisten/live-flashplayer/committeeroom4/

Is féidir imeachtaí an choiste a fheiceáil chomh maith ar Aip Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar d’fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn