14 Feabh 2023, 13:00
Tiocfaidh an Comhchoiste um Iompar agus Cumarsáid le chéile Dé Céadaoin an 15 Feabhra chun breithniú an Choiste ar Bheartas Náisiúnta Eitlíochta na hÉireann a phlé ar 2 p.m. i Seomra Coiste 1 de Theach Laighean.
Cloisfear le linn an chruinnithe ó ionadaithe uathu seo a leanas:
· Aerfort Chiarraí
· Aerfort Dhún na nGall
· Grúpa Aerfort na Sionainne
· Aerfort Iarthar Éireann
· Aerfort Chorcaí
Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 1 beo ar Oireachtas TV.
14 Chomhaltaí atá ar an gComhchoiste um Iompar agus Cumarsáid, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na meáin
Stephen Higgins
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 (0) 1 618 4743
+353 (0) 85 801 3096
Twitter: @OireachtasNews