Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Iompar agus Cumarsáid chun teacht le chéile chun breithniú an Choiste ar Bheartas Náisiúnta Eitlíochta na hÉireann a phlé

14 Feabh 2023, 13:00

Tiocfaidh an Comhchoiste um Iompar agus Cumarsáid le chéile Dé Céadaoin an 15 Feabhra chun breithniú an Choiste ar Bheartas Náisiúnta Eitlíochta na hÉireann a phlé ar 2 p.m. i Seomra Coiste 1 de Theach Laighean.

Cloisfear le linn an chruinnithe ó ionadaithe uathu seo a leanas:

·       Aerfort Chiarraí

·       Aerfort Dhún na nGall

·       Grúpa Aerfort na Sionainne

·       Aerfort Iarthar Éireann

·       Aerfort Chorcaí

 

Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 1 beo ar Oireachtas TV.

14 Chomhaltaí atá ar an gComhchoiste um Iompar agus Cumarsáid, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Stephen Higgins

Tithe an Oireachtais,

Oifigeach Cumarsáide,

Teach Laighean, 

Baile Átha Cliath 2

+353 (0) 1 618 4743

+353 (0) 85 801 3096

stephen.higgins@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn