Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste Oireachtais chun achainíocha a bhreithniú

9 DFómh 2012, 17:35

Amárach, breithneoidh an Comhchoiste Oireachtais um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha réimse achainíocha a fuarthas ón bpobal. Seoladh córas na n-achainíocha ar an 13 Meán Fómhair, agus go dtí seo fuarthas 25 aighneacht ar réimse leathan saincheisteanna.

9 Deireadh Fómhair, 2012

Deir Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín, T.D: “Den chéad uair riamh tugann córas na n-achainíocha deis do dhaoine den phobal an clár parlaiminteach a scríobh. Is rud maith é seo don sochaí daonlathach againn. Cé nach bhfuil an córas ach ina thús, is cúis spreagtha do chomhaltaí an Choiste an tsuim a léiríodh sa chóras achainíocha. Amárach, beidh deis againn breathnú ar shraith achainíocha a tugadh os comhair an Choiste.

“Go dtí seo, fuair muid dhá chineál achainí, is é sin le rá, cineál ar shaincheisteanna a tharraingíonn ní anuas a bhaineann leis an bpearsa aonair nó leis an ngrúpa lena mbaineann, agus cineál eile a mholann athruithe níos mó ar bheartas poiblí. Tarraingíonn na hachainíocha seo saincheisteanna tábhachtacha anuas agus tabharfaidh cruinniú an lae amáraigh deis dúinn an tseirbhís phoiblí a scrúdú, ní ó thaobh lucht déanta beartas ná an státseirbhísigh shinsearaigh ach ó thaobh eispéireas an tsaoránaigh agus lucht úsáide na seirbhísí poiblí.

“Tar éis na hachainíocha a bhreithniú amárach, d’fhéadfadh an Coiste iarraidh ar an achainíoch teacht i láthair chun labhairt ar an ní. B’fhéidir go lorgóidh an Coiste fianaise ó bhéal nó i scríbhinn ó eagraíochtaí iomchuí, amhail Ranna Rialtais agus grúpaí eile cuí nó páirtithe leasmhara eile cuí.”

Sula mbreithneoidh an Coiste na hachainíocha, beidh cruinniú aige leis an Ombudsman Emily O’Reilly chun Tuarascáil Bhliantúil, 2011 óna hoifig, a bhreithniú. Ar leith uaidh sin,
Is féidir teacht ar na hachainíocha a fuarthas go dtí seo agus iad a fheiceáil ag: petitions.oireachtas.ie

Beidh an cruinniú ar siúl amárach Dé Céadaoin, 10 Deireadh Fómhair, i Seomra Coiste 3, TL 2000, ar 4:30 p.m. Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil ar-líne tríd an nasc seo

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le do thoil le:
Paul Hand,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
T: +3531 618 4484
Fón Póca: +353 87 694 9926
F: +3531 618 4551

Comhaltas an Choiste
Teachtaí:     

Risteard Buíd Bairéid, People Before Profit Alliance
Dara Mac Giolla Laoire, Fianna Fáil
Siobhán Ní Choileáin, People Before Profit Alliance
Micheál Ó Connacháin, Páirtí an Lucht Oibre
Ailín Ó Fearghail, Fine Gael
Cathal Ó Flannagáin, Fine Gael
Micheál Ó hÉallaigh, Comhalta Neamhspleách
Peadar Mac Mathúna, Fine Gael
Micheál Mac Cárthaigh, Páirtí an Lucht Oibre (Leas-Chathaoirleach)
Cathal Mac Conall Óg, Fianna Fáil
Michelle Ní Mhaoilchiaráin, Fine Gael
Derek Ó Nualláin, Páirtí an Lucht Oibre
Aengus Ó Snodaigh, Sinn Féin
Seán Pól Ó Faoláin, Fine Gael
Peadar Tóibín, Sinn Féin (Cathaoirleach)

Seanadóirí:     
Tomás Ó Broin
Trevor Ó Clochartaigh     
Séamus Mac Airt
Antoin Ó Maolcatha     
Siobhán Ní Chaoimh

Barr
Roinn