Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Breithneoidh Coiste Oireachtais tuarascáil de chuid an Choimisinéara Teanga

7 Samh 2012, 12:04

San iarnóin inniu, déanfaidh an Comhchoiste Oireachtais um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha breithniú ar Thuarascáil an Choimisinéara Teanga maidir le bronnadh marcanna bónais as inniúlacht sa Ghaeilge i gcomórtais inmheánacha sa Roinn Coimirce Sóisialaí.

7 Samhain 2012

Buailfidh an Coiste le hionadaithe ón Roinn Coimirce Sóisialaí, ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ón gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí agus ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

Deir Peadar Tóibín, TD, Cathaoirleach an Choiste: “Bhuaileamar le Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, i mí na Bealtaine chun plé forleathan a dhéanamh ar a chuid oibre maidir le cearta Gaeilge a chumhdach. Ag cruinniú an lae inniu le hoifigigh ó na ranna agus comhlachtaí stáit iomchuí, díreofar ar thuarascáil a chuir an Coimisinéir Teanga faoi bhráid Thithe an Oireachtais le déanaí. Eascraíonn an tuarascáil as gearáin i dtaobh beirt iarratasóirí ar phoist leis an Roinn Coimirce Sóisialaí nach bhfuair aon chreidiúint bhreise sna comórtais ardaithe céime as a n-inniúlacht sa Ghaeilge, cé gur chomhlíon siad na critéir a bhí leagtha síos i gciorcláin na Roinne Airgeadais.”

Ag seisiún an lae inniu, leanfaidh an Coiste, freisin, lena bhreithniú ar achainíocha a fuarthas ó dhaoine den phobal. Chun rochtain a fháil ar chóras na n-achainíocha agus chun féachaint ar achainíocha a fuarthas go nuige seo, téigh go dtí: petitions.oireachtas.ie

Tionólfar an cruinniú inniu, an 7 Samhain, i Seomra Coiste 4, TL 2000 ar 4:30 pm agus tosófar le breithniú na n-achainíocha. Is féidir breathnú ar imeachtaí poiblí an Choiste ar-líne tríd an nasc seo a leanas: http://bit.ly/24YmPI

Tá fáil ag an nasc seo a leanas ar an tuarascáil iomchuí ón gCoimisinéir Teanga a phléifear le linn an chruinnithe.

Chun a thuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Paul Hand,

Tithe an Oireachtais,

An tAonad Cumarsáide,

Teach Laighean,

Baile Átha Cliath 2

 

Fón: +3531 618 4484

Fón póca: +353 87 694 9926

Barr
Roinn