Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Chomhshaol chun Bualadh le Cathaoirligh Ainmnithe Údarás na Gaeltachta agus Choimisiún Forbartha an Iarthair

26 Samh 2012, 17:22

Beidh an Comhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúir agus Gaeltachta ag bualadh amárach an 27 Samhain 2012 le hAnna Ní Ghallchóir Uas., Cathaoirleach Ainmnithe Údarás na Gaeltachta agus Paddy McGuinness Uas., Cathaoirleach Ainmnithe Choimisiún Forbartha an Iarthair.

Is é Údarás na Gaeltachta a bunaíodh i 1980 an t-údarás réigiúnach atá freagraach as forbairt eacnamaíochta, shóisialata agus chúltúir na Gaeltachta.  Is an cuspóir foriomlán atá ag Údarás na Gaeltachta a chinntiú go leanfaidh  an Ghaeilge mar phríomhtheanga phobail na Gaeltachta agus go dtabharfarr í anuas  go dtí na glúnta romhainn, trí mhaoiniú agus cothabháil a dhéanamh ar réimse leathan de thionscnaimh forbartha fiontraíochta agus cruthaihe post agus trí thacaíochta a thabhairt do ghníomhaíochta straitéiseacha teanga, cultúir agus pobail.


Is é Coimisiún Forbartha an Iarthair an comhlacht reachtúil a chuireann forbairt eacnamaíochta agus shóisialta chun cinn i gcontaetha Dhún na nGall, Shligigh, Liatroma, Ros Comáin, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus an Chláir trína chinntiú go bhfuil beartais an Rialtais dírithe ar an gcor sóisialta agus eacnamaíochta sa réigiún a fheabhsú.


Tá sé freagrach freisin as tograí  a fhorbairt a bhaineann le turasóireacht, tionscal, muir, fuinneamh inathnuaite, teicneolaíocht agus le hagraibhia orgánach agus as Ciste Infheistíochta an Iarthair de €32 mhiliún a oibriú chun iasachtaí agus cothromas a chur ar fáil  do ghnóthaí agus pobail áitiúla san Iarthar.


Dúirt Leaschathaoirleach an Choiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúir agus Gaeltachta, Nollaig Ó Cuanáin, T.D. “Faoin gclár Rialtais, ceanglaítear ar  dhaoine atá á moladh lena gceapadh mar chathoirleach ar bhoird Stáit teacht os comhair an Choiste Oireachtais chuí.  Ag an gcruinniú amárach le hAnna ní Ghallchóir agus Paddy McGuinness beidh deis ag an gCoiste breithniú a dhéanamh ar an gcur chuige atá beartaithe ag gach duine acu mar chathaoirleach na n-eagraíochtaí faoi seach agus a dtuairimí agus a dtosaíochtaí a phlé.

“ Níl ról  urchoisc ag an gCoiste ar cheapacháin agus i ndiaidh an phlé amárach, is é an tAire nó is iad an Rialtas, mar is cuí, a dhéanfaidh cinneadh i dtaobh cheapachán an Uas. Ní Ghallachóir agus an Uas. McGuinness a dhaingniú.

Cuirfear tús leis an gcruinniú seo i Seomra Coiste 4, Teach Laighean, ar 4.15 pm amárach, Dé Máirt, 27 Samhain 2012.

 

Barr
Roinn