Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Deis ag daltaí a gcuid a rá agus Seachtain na Gaeilge á comóradh ag Coiste Oireachtais

3 Márta 2014, 11:21

Tabharfar deis do dhaltaí scoile dara leibhéal a smaointe a nochtadh do na polaiteoirí an tseachtain seo i dTeach Laighean – agus is as Gaeilge a dhéanfaidh siad sin.

Mar chomóradh ar Sheachtain na Gaeilge, tá cuireadh tugtha ag an gCoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht do dhaoine óga as trí mheánscoil teacht os a gcomhair amárach, Dé Máirt, 4 Márta 2014, chun labhairt i nGaeilge leis an gCoiste faoi na hábhair seo a leanas:

1. Post a fháil in Éirinn
2. Téamh Domhanda – an muid is ciontach leis?
3. Pósadh Comhghnéis nó Páirtnéireacht Shibhialta

Is iad na trí scoil: Coláiste de hÍde, Tamhlacht, Co. Átha Cliath; Coláiste Dheoise Naomh Mhuireadaigh, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo; Coláiste Ghobnatan, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí.

Is í seo an tríú huair a bheidh daltaí scoile ina n-aíonna ag an gCoiste mar ghné de Sheachtain na Gaeilge, tar éis gur éirigh go rímhaith le hócáidí mar sin i dTeach Laighean le cúpla bliain anuas.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Micheál Mac Cárthaigh TD : “Táimid ag súil go mór leis an gcruinniú amárach le daltaí as Coláiste de hÍde, Coláiste Dheoise Naomh Mhuireadaigh agus Coláiste Ghobnatan. Is deis luachmhar í seo ag an gCoiste agus ag an Oireachtas Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh agus a chomóradh i dteannta go leor de na daoine óga a bheidh ag gníomhú chun an Ghaeilge a choimeád beo bríomhar agus ina cuid d’ár gcultúr amach anseo. Is deis faoi leith í freisin do dhaltaí scoile dara leibhéal labhairt le Coiste Oireachtais faoi ábhair ar cás leo iad agus a bhfuil tionchar acu ar a saol sa lá atá inniu ann agus amach anseo.”

“Féile idirnáisiúnta de chuid na Gaeilge í Seachtain na Gaeilge. Seoltar gach bliain í in Éirinn agus in go leor tíortha eile agus tá sí ar ceann de na féilte is mó ina ndéantar ár dteanga dhúchais agus ár gcultúr a cheiliúradh. Táthar ag tuar go mbeidh Seachtain na Gaeilge 2014, a bheidh ar siúl ón 1 Márta go dtí an 17 Márta, níos suntasaí fos. Mar sin, más cainteoir líofa tú, mura bhfuil agat ach cúpla focal nó más spéis leat an teanga a fhoghlaim, is deis iontach í Seachtain na Gaeilge dúinn uile chun ár dteanga féin a cheiliúradh agus sult a bhaint aisti. Is cúis mhór áthais é ag comhaltaí an Choiste páirt a ghlacadh i gceiliúradh na mór-ócáide seo, atá saincheaptha chun eolas ar an nGaeilge, agus suim inti, a chothú.”

Cuirfear tús leis an gcruinniú seo i Seomra Coiste 4, Teach Laighean, ar 2.15pm amárach, Dé Máirt, 4 Márta 2013.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fháil beo ar: http://www.oireachtas.ie/parliament/watchlisten/live-flashplayer/committeeroom4/

Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste ar d’fheiste féin freisin, tríd an aip fóin chliste de chuid Thithe an Oireachtais, a bhfuil teacht uirthi ar fheistí Apple agus Android.

Seol fiosrúcháin ó na meáin chuig:

Ciaran Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
T: +3531 618 3903
FP: 086-0496518
F: +3531 618 4551

R-phost: Ciaran.brennan@oireachtas.ie

Comhaltaí an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht

Teachtaí: Séamus Ó Banáin TD (Fine Gael); Pádraig Ó Cobhthaigh TD (Fine Gael); Nollaig Ó Cuanáin (Fine Gael) Leas-Chathaoirleach; Mairsile Ní Chorcoráin Cinnéide TD (Fine Gael); Barra V. Ó Comhain (Fianna Fáil); Lúcás Ó Flannagáin TD (Neamhspleách); Caoimhín Mac Unfraidh TD (Lucht Oibre); Micheál Mac Cárthaigh TD (Lucht Oibre) Cathaoirleach; Sandra Nic Giollafhaoileáin TD (Sinn Féin); Antoine Mac Lochlainn TD (Fine Gael); Michelle Ní Mhaoilchiaráin TD (Fine Gael); Caitríona Uí Mhurchú TD (Neamhspleách); Gearailt de Nais TD (Lucht Oibre); Seán Ó Fearghaíl TD (Fianna Fáil); Brian Stanley TD (Sinn Féin).

Seanadóirí: An Seanadóir Cáit Uí Chatháin (Fine Gael); An Seanadóir Donacha Ó Leandaí (Lucht Oibre); An Seanadóir Fiach Mac Conghail (Neamhspleách); An Seanadóir Catriona Ní Nuain (Fine Gael); An Seanadóir Labhrás Ó Murchú (Fianna Fáil); An Seanadóir Éamonn Ó Súilleabháin (Fianna Fáil).

 

Barr
Roinn