Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Breithneoidh an Coiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí tuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga

4 Márta 2014, 10:15

Beidh Donnchadh Mac Fhionnlaoich, an tAire Stáit um Ghnóthaí Gaeltachta, os comhair Chomhchoiste an Oireachtais um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha chun Tuarascáil Bhliantúil 2012 an Choimisinéara Teanga a bhreithniú.

4 Márta 2014

Thug an tIar-Choimisinéir Teanga Seán ó Cuirreáin breac-chuntas ar chinntí a thuarascála don bhliain 2012 don Choiste i Mí na Nollag. Le linn an tseisiúin d’fhógair an tUasal Ó Cuirreáin go raibh sé ag éirí as a phost de dheasca mainneachtana ag an Rialtas, de réir mar a b’fhacthas dósan, reachtaíocht agus beartas maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn a chur i bhfeidhm go héifeachtacht.

Deir Cathaoirleach an Choiste Pádraig Mac Lochlainn: “Le linn 2012, dhéileáil an Coimisinéir Teanga le 756 chás maidir le deacrachtaí nó fadhbanna ag rochtain seirbhísí stáit trí Ghaeilge – an líon ba mhó gearán ón bpobal chuig an Oifig ó bunaíodh í. Dúradh ina thuarascáil bhliantúil: ‘Ní sárbhliain a bhí in 2012 maidir le cur chun cinn na Gaeilge i státchóras na tíre, agus ar scáth aon choiscéim a tugadh chun tosaigh, ba chosúil go raibh péire á dtabhairt ar gcúl’.

“Le linn dó a Thuarascáil Bhliantúil a thíolacadh don Choiste i Mí Nollaig 2013, d’fhógair Seán Ó Cuirreáin go raibh sé ag tairiscint éirí as a phost. Chomh maith leis na saincheisteanna atá ag éirí as tuarascáil 2012 a phlé, tá an Coiste ag súil le cuid de na frustrachais a spreag an tUasal Ó Cuirreáin chun éirí as a phost a plé leis an Uasal Mac Fhionnlaoich, ina measc an ganntanas tacaíochtaí chun inniúlacht Gaeilge sa Státseirbhís a mhéadú.”

Dé Céadaoin an 5 Márta, i Seomra Coiste 4, Teach Laighean 2000, ag 4 p.m. a bheidh an cruinniú seo. Ceaptar gur i nGaeilge a sheolfar cuid mhór den chruinniú.

Féadfar an cruinniú a fheiceáil beo tríd an nasc seo.

Féadtar breathnú ar imeachtaí coiste sa siúl freisin, trí Aip Fóin Chliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil le haghaidh feistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin chuig:
Paul Hand,
An tAonad Cumarsáide,
Tithe an Oireachtais,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
Fón: +3531 618 4484
Fón póca: +353 87 694 9926

Comhaltas an Choiste
Teachtaí Dála: Risteard Buíd Bairéid, Ailín Ó Fearghail, Cathal Ó Flannagáin, Nollaig Ó hÚrdail, Micheál Ó hÉallaigh, Séamus Ó Cuirc, Micheál P. Ó Ceit, Pádraig Mac Lochlainn (Chair), Micheál Mac Cárthaigh, Eileen Nic an tSaoi, Michelle Ní Mhaoilchiaráin, Derek M. Ó Nualláin (Leaschathaoirleach), Aengus Ó Snodaigh agus Micheál de Bhailís
Seanadóirí: Seamus Mac Airt, Antoin Ó Maolchatha, Trevor Ó Clochartaigh agus Siobhán Ní Chaoimh

Barr
Roinn