Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste le héirí as an Choimisinéara Teanga a phlé

5 Márta 2014, 12:00

Pléifidh an Fochoiste ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Nithe Gaolmhara éirí as an iar-Choimisinéara Teanga Seán Ó Cuirreáin nuair a bhuailfidh an Coiste le Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD, an tAire Stáit ag a bhfuil freagracht speisialta maidir le Gnóthaí Gaeltachta, amárach, Déardaoin, 6ú Márta 2014.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Micheál Mac Cárthaigh TD: “Is é ról an Choimisinéara Teanga faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla ag comhlachtaí poiblí. I Mí na Nollag, d’fhógair Seán Ó Cuirreáin, an Coimisinéir Teanga ag an am, go raibh sé ag éirí as a phost, agus luaigh sé mainneachtainí leanúnacha ag an Stát reachtaíocht maidir le húsáid na Gaeilge a chomhlíonadh. Mar an bhFochoiste ar a dtiteann an cúram an dul chun cinn atá déanta go dtí seo ag cur na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge i bhfeidhm, is tráthúil go bhfuilimid ag bualadh leis an Aire ag a bhfuil freagracht speisialta maidir le Gnóthaí Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, chun éirí Sheáin Uí Chuirreáin as a phost anuraidh, agus na cúiseanna a thug sé lena chinneadh, a phlé go mion.”

Cuirfear tús leis an gcruinniú i Seomra Coiste 4, Teach Laighean, ag 2.15pm Déardaoin, 6ú Márta 2014.

Is féidir imeachtaí an Choiste a leanúint beo ag: http://www.oireachtas.ie/parliament/watchlisten/live-flashplayer/committeeroom4/

Ceisteanna ó na meáin chuig:

Ciaran Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

P: +3531 618 3903
M: 086-0496518
F: +3531 618 4551

Comhaltas an Choiste

An Teachta Micheál Mac Cárthaigh
An Teachta Caoimhín Mac Unfraidh
An Teachta Peadar Tóibín
An Seanadóir Fiach Mac Conghail
An Seanadóir Labhrás Ó Murchú
An Seanadóir Cáit Uí Chatháin

Barr
Roinn