Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foilsíonn an Coiste Oideachais moltaí faoi Reachtaíocht úr maidir le Ligean Isteach ar Scoil

5 Márta 2014, 11:05

Ar maidin inniu, d’iarr an Comhchoiste Oireachtais um Oideachas agus Coimirce Shóisialach go gcuirfí deireadh de réir a chéile le liostaí feithimh scoile “tús áite don chéad duine”, ar an mbonn go mb’fhéidir go rachaidh siad chun dochair do dhaoine a tháinig chun cónaí go deireanach i gceantar.

5 Márta 2014

Agus próiseas nua á chur in ionad an phróisis achomharc a dtugtar 'alt 29' air, éilíonn an Coiste próiseas achomharc neamhspleách, trédhearcach, a d'fhéadfaí socrú a dhéanamh ina thaobh ar bhonn réigiúnach.

I dtuarascáil faoi reachtaíocht maidir le ligean isteach ar scoil a thabharfar isteach go luath, cuireann an Coiste a bhuairt in iúl freisin maidir le díolúine le haghaidh leanaí de chuid iardhaltaí agus baill foirne scoile. Tá an Coiste den bharúil nár chóir go bhféadfadh scoil tús áite a thabhairt do dhalta ar an mbonn gur mac é nó gur iníon í le hiardhalta nó le ball d’fhoireann na scoile.
Is é tuairim an Choiste gur chóir go bhféadfadh scoil tosaíocht a thabhairt do dhalta a bhfuil deartháir nó deirfiúr leis nó léi ag freastal ar an scoil i láthair na huaire.

Tá na moltaí ar áireamh i dTuarascáil an Choiste ar an Dréachtscéim Ghinearálta do Bhille Oideachais (Ligean Isteach ar Scoil), 2013, a seoladh ar maidin inniu.

Seo thíos cuid de na moltaí eile:

  • I gcás ina n-ainmnítear scoil chun dalta ag a bhfuil riachtanais speisialta oideachais a chur ar an rolla, ba chóir go soláthródh an Roinn Oideachais agus Scileanna acmhainní laistigh de chlár ama reachtúil.
  • Sna moltaí cosnaítear sláine na nGaelscoileanna, ag an am céanna go gcinntíonn siad nach mbíonn idirdhealú ann i leith ligean isteach. D’fhéadfadh scoileanna tosaíocht ard a thabhairt ina mbeartas rollaithe, cuir i gcás, don chéatadán íseal leanaí scoile is Gaeilgeoirí ó dhúchas iad (taobh amuigh den Ghaeltacht).
  • Beartais ligin isteach ar scoil a scríobh i ngnáth-theanga sa chaoi gur féidir le gach tuismitheoir iad a thuiscint.
  • Aithnítear sa tuarascáil go bhféadfadh deighilt agus éagothroime sa chóras oideachais eascairt as ilphátrúnacht agus iléiteos mar bhonn le beartas, agus gur chóir go mbeadh cothromas agus comhionannas mar spriocanna le beartas ligin isteach.

I bhfocail Chathaoirleach an Choiste, Joanna Tuffy, TD: “I sochaí is éagsúla agus is athraithí ná riamh, ní mór athrú teacht ar ligean isteach ar scoil chun réiteach leis na himthosca agus na hionchais reatha. Tugann an reachtaíocht thábhachtach seo faoi rialú a dhéanamh ar leanaí a ligean isteach ar bhunscoileanna agus ar iar-bhunscoileanna. Is é an phríomhsprioc atá ann nósanna imeachta maidir le ligean isteach ar scoil a bheidh cothrom, i gcomhréir lena chéile, agus trédhearcach, a chinntiú.

“Mar chuid de phróiseas grinnscrúdaithe réamh-reachtúla an Choiste seo, d’iarr muid aighneachtaí maidir le moltaí go deireanach anuraidh. Ba rí-léir don Choiste, tar éis na teagmhála poiblí le réimse leathan geallshealbhóirí a d’eascair as sin, nár comhlíonadh na caighdeáin chothromais nó trédhearcachta a bhfuil sé de cheart ag saoránaigh a bheith ag súil leo óna seirbhísí poiblí leis an ligean isteach ar scoil. I bhfianaise na dtuairimí éagsúla a chuala muid, thiomsaigh an Coiste tuarascáil chun cuidiú le gach alt den reachtaíocht sa réimse dúshlánach beartais seo a mhúnlú.”

Tá cóip den tuarascáil á sheoladh chuig an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Ó Cuinn, TD, chun cuidiú leis a chuid tograí reachtúla a thabhairt chun críche i ndáil leis an tsaincheist seo. Is cabhair í an tuarascáil breithniú an Bhille ag céim an Choiste nuair a thíolacfar é do Thithe an Oireachtais níos deireanaí i mbliana.

Réamhrá ón gCathaoirleach agus Tátail tríd an 

Tá an tuarascáil ar fáil anseo (as Béarla):

Ballraíocht an choiste
An Teachta Joanna Tuffy - Cathaoirleach
Na Teachtaí Séamas Ó Banáin, Raymond de Buitléir, Siobhán Ní Choileáin, Clare Daly, Breandán Ó Grifín, Séamus Ó Dálaigh, Deiric S. Ó Céitinn, Cathal Mac Conall Óg, Nicky Nic Pháidín, Eoin Ó Briain, Liam Ó Deaghaidh, Aodhán Ó Ríordáin, Aengus Ó Snodaigh, Breandán Ó Riain
Na Seanadóirí Jim D’Arcy, Máire Ní Mhaoldomhnaigh, Máire Uí Móráin, Hildeguard Naughton, Marie-Louise Ní Dhomhnaill, Averil De Paor

Barr
Roinn