Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Déanfaidh an Fochoiste Breithniú ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2014

26 Beal 2014, 10:19

Beidh Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2014 ar chlár an Fhochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Nithe Gaolmhara nuair a bheidh cruinniú ag an bhFochoiste amárach, Dé Máirt, an 27 Bealtaine 2014, le réimse leathan grúpaí agus daoine leasmhara.

Is é seo a leanas an sceideal do chruinniú an lae amárach:

10am – Ionadaithe ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta;
11.30am - Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (Fiontar), Foras na Gaeilge, An Coimisinéir Teanga
2.15pm - Conradh na Gaeilge, Comhluadar, Comhlachas na gComharchumann Gaeltachta, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

Seo a dúirt Cathaoirleach an Choiste, Micheál Mac Cárthaigh, TD: “Is é príomhaidhm an Bhille ná Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a leasú chun a chinntiú go leanfaidh sé de bheith ina thaca éifeachtach do gach duine ar mhian leis nó léi seirbhísí ardchaighdeáin trí Ghaeilge a fháil ón Stát. Chuir an tAire Stáit don Ghaeltacht, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, TD, Ceannteidil an Bhille ar aghaidh chuig an gComhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht le haghaidh díospóireachta. Táimid ag súil le cloisteáil ó réimse leathan páirtithe agus eagraíochtaí leasmhara amárach chun a dtuairimí ar dhréacht-Cheannteidil an Bhille a fháil agus chun breithniú cuimsitheach agus mionscrúdú réamh-reachtaíochta a dhéanamh ar an mBille.”

Cuirfear tús leis an gcruinniú i Seomra 4 ar 10am Dé Máirt, an 27 Márta 2014.

Is féidir breathnú ar imeachtaí beo an Choiste ag an nasc seo thíos:
http://www.oireachtas.ie/parliament/watchlisten/live-flashplayer/committeeroom4/

Fiosrúcháin ó na meáin chuig:

Ciarán Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

Fón: +3531 618 3903
Fón póca: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551

Comhaltaí an Choiste

An Teachta Micheál Mac Cárthaigh,
An Teachta Caoimhín Mac Unfraidh,
An Teachta Peadar Tóibín,
An Seanadóir Fiach Mac Conghail,
An Seanadóir Labhrás Ó Murchú,
An Seanadóir Cáit Uí Chatháin.

Barr
Roinn