Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Déanfaidh an Fochoiste um Chomhshaol, Pobal agus Rialtas Áitiúil breithniú ar an mBille um Chosaint Raideolaíoch (Forálacha Ilghnéitheacha), 2014

23 Meith 2014, 10:16

Beidh an tAire Stáit um Thithíocht agus Pleanáil ag an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, Jan Bean Uí Shúilleabháin, i láthair ag an bhFochoiste um Chomhshaol, Pobal agus Rialtas Áitiúil amárach, Dé Máirt, an 24 Meitheamh 2014, le haghaidh chéim an choiste den Bhille um Chosaint Raideolaíoch (Forálacha Ilghnéitheacha), 2014.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht, Micheál Mac Cárthaigh, TD: “Is é aidhm an Bhille socrú a dhéanamh maidir leis an Institiúid Éireannach um Chosaint Raideolaíoch a dhíscaoileadh agus maidir lena cuid feidhmeanna, foirne agus sócmhainní uile a aistriú chuig an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. Déantar socrú freisin sa Bhille maidir le corprú an Leasaithe ar an gCoinbhinsiún um Chosaint Fhisiceach Ábhair Núicléach arna dhéanamh i Vín an 8 Iúil 2005. Beidh deis ag an gCoiste amárach plé a dhéanamh ar athruithe beartaithe arna leagan amach sa reachtaíocht mar atá foilsithe.”

Tosóidh an cruinniú seo i Seomra Coiste 4, Teach Laighean, ar 11am amárach, Dé Céadaoin, an 24 Meitheamh 2014.

Is féidir breathnú ar imeachtaí beo an choiste ar an nasc seo a leanas:
http://www.oireachtas.ie/parliament/watchlisten/live-flashplayer/committeeroom4/

Is féidir imeachtaí an choiste a fheiceáil le linn duit bheith ag taisteal trí Aip Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Ceisteanna ó na meáin chumarsáide chuig:

Ciarán Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

Teil: +3531 618 3903
Póca: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551

Comhaltaí an Fhochoiste

Na Teachtaí: Séamus Ó Banáin, TD (Fine Gael); Pádraig Ó Cobhthaigh, TD (Fine Gael); Nollaig Ó Cuanáin (Fine Gael), Leas-Chathaoirleach; Barra Ó Comhain (Fianna Fáil); Caoimhín Mac Unfraidh, TD (Páirtí an Lucht Oibre); Micheál Mac Cárthaigh, TD (Páirtí an Lucht Oibre), an Cathaoirleach; Antoine Mac Lochlainn, TD (Fine Gael); Caitríona Uí Mhurchú, TD (Neamhspleách); Brian Stanley, TD (Sinn Féin).

Barr
Roinn