Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Pléifidh an Coiste Comhshaoil an chaoi a théann obair dheonach chun tairbhe d’fhorbairt pobail

23 Meith 2014, 12:55

Ina chruinniú amárach, Dé Máirt, an 24 Meitheamh 2014, le Yvonne McKenna, príomhfheidhmeannach Obair Dheonach Éireann, díreoidh an Coiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht ar an gcaoi a théann obair dheonach chun tairbhe d’fhorbairt pobail agus don tsochaí i gcoitinne.

Seo a dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht, Micheál Mac Cárthaigh, TD: “Is í Obair Dheonach Éireann an ghníomhaireacht náisiúnta chun obair dheonach a fhorbairt agus is comhlacht tacaíochta í do na hIonaid agus na Seirbhísí Faisnéise áitiúla go léir d’Oibrithe Deonacha in Éirinn. Chomh maith le bheith ag díriú ar obair dheonach in Éirinn a chur chun cinn agus a cheiliúradh trí fheachtais amhail an tSeachtain Náisiúnta um Obair Dheonach agus Dámhachtainí Obair Dheonach Éireann, tugann sí tacaíocht d’eagraíochtaí náisiúnta a bhfuil baint acu le hobair dheonach trí na nithe seo a leanas a thairiscint: oiliúint shaincheaptha, sainchomhairliúchán agus réimse leathan treoracha agus acmhainní ar líne chun oibrithe deonacha a spreagadh. Amárach, beidh deis againn tuilleadh mionsonraí a chloisteáil i ndáil leis an obair a dhéanann Obair Dheonach Éireann agus plé a dhéanamh ar conas is féidir le hobair dheonach an tsochaí in Éirinn a fheabhsú agus cabhrú le forbairt pobail.”

Cuirfear tús leis an gcruinniú seo i Seomra Coiste 4, Teach Laighean, ar 2.15 pm amárach, Dé Máirt, an 24 Meitheamh 2014.

Is féidir breathnú ar imeachtaí beo an Choiste ag an nasc seo thíos:
http://www.oireachtas.ie/parliament/watchlisten/live-flashplayer/committeeroom4/

Is féidir na himeachtaí a fheiceáil le linn duit bheith ag taisteal trí Aip Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin chuig:

Ciarán Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

Fón: +3531 618 3903
Fón póca: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551
Ríomhphost: Ciaran.brennan@oireachtas.ie

Comhaltaí an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht


Na Teachtaí: Séamus Ó Banáin, TD (Fine Gael); Pádraig Ó Cobhthaigh, TD (Fine Gael); Nollaig Ó Cuanáin, TD (Fine Gael), Leas-Chathaoirleach; Ruth Coppinger, TD (an Páirtí Sóisialach); Mairsile Ní Chorcoráin Cinnéide, TD (Fine Gael); Barra Ó Comhain, TD (Fianna Fáil); Caoimhín Mac Unfraidh, TD (Páirtí an Lucht Oibre); Micheál Mac Cárthaigh, TD (Páirtí an Lucht Oibre), an Cathaoirleach; Sandra Nic Giollafhaoileáin, TD (Sinn Féin); Antoine Mac Lochlainn, TD (Fine Gael); Michelle Ní Mhaoilchiaráin, TD (Fine Gael); Caitríona Uí Mhurchú, TD (Neamhspleách); Gearailt de Nais, TD (Páirtí an Lucht Oibre); Seán Ó Fearghaíl, TD (Fianna Fáil); Brian Stanley, TD (Sinn Féin).

Na Seanadóirí: An Seanadóir Cáit Uí Chatháin (Fine Gael); An Seanadóir Donacha Ó Leandaí (Páirtí an Lucht Oibre); An Seanadóir Fiach Mac Conghail (Neamhspleách); An Seanadóir Catherine Ní Nuain (Fine Gael); An Seanadóir Labhrás Ó Murchú (Fianna Fáil): An Seanadóir Éamonn Ó Súilleabháin (Fianna Fáil).

Barr
Roinn