Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Díreoidh an Coiste Comhshaoil ar struchtúr na muirear uisce le CRF

30 Meith 2014, 11:11

Ina chruinniú amárach, Dé Máirt an 1 Iúil 2014, le Garrett Blaney, Cathaoirleach, an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh a dhéanann rialáil ar Uisce Éireann, díreoidh an Coiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht ar an struchtúr praghsála do na muirir uisce agus ar phrionsabail agus tograí na dtaraifí uisce.

Seo a dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht, Micheál Mac Cárthaigh, TD: “Ní chuirfear bailchríoch ar shonraí na dtaraifí go dtí mí Lúnasa tar éis don Choimisiún um Rialáil Fuinnimh caibidlí maidir le struchtúr praghsála a chur i gcrích le hUisce Éireann. Táthar ag súil go gcuirfear tús le muirir uisce i ráithe dheireanach 2014 agus go bhfaighidh custaiméirí a gcéad bhille ag tús 2015. Amárach, beidh deis againn an struchtúr praghsála do na muirir uisce agus prionsabail agus tograí na dtaraifí uisce a phlé leis an gcomhlacht atá freagrach as rialáil a dhéanamh ar Uisce Éireann. Beidh an-spéis ag Comhaltaí plé a dhéanamh ar an mbunús faoi mhuirir a leagan síos, cén struchtúr a bheidh leis an taraif, nithe amhail an cur chuige i ndáil leis an liúntas i leith méid saor in aisce agus cáilíocht na seirbhísí a sholáthrófar do shealbhóirí tí.”

Cuirfear tús leis an gcruinniú seo i Seomra Coiste 4, Teach Laighean, ar 2.15pm amárach, Dé Máirt, an 1 Iúil 2014.

Is féidir breathnú ar imeachtaí beo an Choiste ag an nasc thíos:
http://www.oireachtas.ie/parliament/watchlisten/live-flashplayer/committeeroom4/

Is féidir na himeachtaí a fheiceáil le linn duit bheith ag taisteal trí Aip Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Ceisteanna ó na meáin chuig:

Ciarán Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

Teil: +3531 618 3903
Póca: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551
Ríomhphost: Ciaran.brennan@oireachtas.ie

Comhaltaí an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht

Na Teachtaí: Séamus Ó Banáin, TD (Fine Gael); Pádraig Ó Cobhthaigh, TD (Fine Gael); Nollaig Ó Cuanáin (Fine Gael), Leas-Chathaoirleach; Ruth Coppinger, TD (an Páirtí Sóisialach); Mairsile Ní Chorcoráin Cinnéide, TD (Fine Gael); Barra Ó Comhain (Fianna Fáil); Caoimhín Mac Unfraidh, TD (Páirtí an Lucht Oibre); Micheál Mac Cárthaigh, TD (Páirtí an Lucht Oibre), an Cathaoirleach; Sandra Nic Giollafhaoileáin, TD (Sinn Féin); Antoine Mac Lochlainn, TD (Fine Gael); Michelle Ní Mhaoilchiaráin, TD (Fine Gael); Caitríona Uí Mhurchú, TD (Neamhspleách); Gearailt de Nais, TD (Páirtí an Lucht Oibre); Seán Ó Fearghaíl, TD (Fianna Fáil); Brian Stanley, TD (Sinn Féin).

Na Seanadóirí: An Seanadóir Cáit Uí Chatháin (Fine Gael); An Seanadóir Donacha Ó Leandaí (Páirtí an Lucht Oibre); An Seanadóir Fiach Mac Conghail (Neamhspleách); An Seanadóir Catherine Ní Nuain (Fine Gael); An Seanadóir Labhrás Ó Murchú (Fianna Fáil): An Seanadóir Éamonn Ó Súilleabháin (Fianna Fáil).

Barr
Roinn