Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ceadúnú agus Baint Feamainne faoi chaibidil ag an gCoiste um Chomhshaol

7 Iúil 2014, 09:59

Díreoidh an Coiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht ar cheadúnú agus baint feamainne in Éirinn nuair a bhuailfidh sé le hionadaithe ó pháirtithe leasmhara éagsúla amárach, Dé Máirt, an 8 Iúil 2014.

Dúirt Micheál Mac Cárthaigh TD, Cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht: “Díreoimid amárach ar shaincheisteanna i dtaca le cheadúnú chun feamainn a bhaint agus ar an reachtaíocht lena rialaítear baint feamainne ónár n urthránna, chomh maith le breithniú a dhéanamh ar an earnáil bainte feamainne a fhástar go nádúrtha agus ar earnáil feamainne saothraithe a fhorbairt.  Áirítear i dtionscal na feamainne, a bhfuil dlúthbhaint aige leis an nGaeltacht, feamainn thraidisiúnta fhiáin a fhástar go nádúrtha agus feamainn shaothraithe.  Is fiú tuairim is €18 milliún sa bhliain earnáil feamainne agus bith-theicneolaíochta na hÉireann faoi láthair agus is é an sprioc atá ann an figiúr sin a mhéadú go €30 milliún faoin mbliain 2020 mar a leagtar amach i Straitéis Chasadh na Taoide Fhoras na Mara, 2006.  Is tráthúil agus tábhachtach, dá bhrí sin, go mbreithneoimid nithe i ndáil le ceadúnú agus baint feamainne.”

Beidh na daoine seo a leanas ag freastal ar an gcruinniú:

Carraig Fhada Seaweed
Damien Melvin, Uas.,
Frank Melvin, Uas.

Bioatlantis Ltd
John O’Sullivan, Uas., Príomhfheidhmeannach,
Brian Fanning, Uas.,
An Dr Kieran Guinan,
An Dr William O’Connor, Ecofact Environmental Consultants Ltd.

Brandon Products Ltd
Paul Mullins, Uas.

MB Quinn Ltd
Micheál Quinn, Uas., Stiúrthóir Bainistíochta.

Ocean Harvest Technology
An Dr Stefan Krann, Stiúrthóir Bainistíochta.

Arramara Teoranta
Jean-Paul Deveau, Uas., Cathaoirleach,
Dónall Mac Giolla Bhríde, Uas., Bainisteoir Ginearálta,
An Dr Raul Ugarte, Taighdeoir Sinsearach, Acadian Seaplants Ltd,
Rex Hunter, Uas., Leas Uachtarán, Bainistiú Acmhainní, Acadian Seaplants Ltd,
Linda Theriault, Uas., Stiúrthóir, Caidreamh Poiblí agus Rialtais, Acadian Seaplants Ltd,

Cearta Cladaigh Chonamara
John Bhaba Jeaic Ó Conghaile, Uas.

Irish Seaweed Processors Ltd
Tony Barrett, Uas., Príomhfheidhmeannach.

Údarás na Gaeltachta
Steve Ó Cualáin, Uas., Príomhfheidhmeannach,
Séamus Mac Eochaidh, Uas., Bainisteoir Fiontraíochta.

Tosóidh an cruinniú seo i Seomra Coiste 4, Teach Laighean ar 2.15 p.m amárach, Dé Máirt, an 8 Iúil 2014.

Is féidir féachaint ar imeachtaí an Choiste beo ag an nasc seo:
http://www.oireachtas.ie/parliament/watchlisten/live-flashplayer/committeeroom4/

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit bheith ag taisteal chomh maith le Feidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.


Ceisteanna ó na meáin chuig:

Ciarán Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

Teil: +3531 618 3903
Póca: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551
Ríomhphost: Ciaran.brennan@oireachtas.ie

Comhaltaí an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht

Teachtaí: Séamus Ó Banáin TD (Fine Gael); Pádraig Ó Cobhthaigh TD (Fine Gael); Nollaig Ó Cuanáin TD (Fine Gael), Leas-Chathaoirleach; Ruth Coppinger TD (an Páirtí Sóisialach); Mairsile Ní Chorcoráin Uí Chinnéide TD (Fine Gael); Barra Ó Comhain TD (Fianna Fáil); Caoimhín Mac Unfraidh TD (Páirtí an Lucht Oibre); Micheál Mac Cárthaigh TD (Páirtí an Lucht Oibre), Cathaoirleach; Sandra Nic Giolla Fhaoileáin TD (Sinn Féin); Antaine Mac Lochlainn TD (Fine Gael); Michelle Ní Mhaoilchiaráin TD (Fine Gael); Caitríona Uí Mhurchú TD (Neamhspleách); Gearalt de Nais TD (Páirtí an Lucht Oibre); Seán Ó Fearghaíl TD (Fianna Fáil);  Brian Stanley TD (Sinn Féin).

Seanadóirí: An Seanadóir Cáit Uí Chatháin (Fine Gael) An Seanadóir Donnchadh Leaindí (Páirtí an Lucht Oibre); An Seanadóir Fiach Mac Conghail (Neamhspleách); An Seanadóir Caitríona Ní Nuáin (Fine Gael); An Seanadóir Labhrás Ó Murchú (Fianna Fáil): An Seanadóir Éamonn Ó Súilleabháin (Fianna Fáil).

Barr
Roinn