Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Díreoidh an Coiste Comhshaoil ar sholáthar maoine agus ar éileamh ar mhaoin

22 MFómh 2014, 12:59

Beidh soláthar agus éileamh sna margaí maoine tráchtála agus intíre ar chlár oibre an Choiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht amárach, Dé Máirt, an 23 Meán Fómhair nuair a thiocfaidh sé le chéile leis an Dr Peter Stafford, Stiúrthóir Property Industry Ireland.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht, Micheál Mac Cárthaigh, TD: “Is mór an plé a bhí ann le déanaí maidir le héileamh ar thithíocht agus soláthar tithíochta in Éirinn agus tá rabhadh á thabhairt ag roinnt daoine go mbeidh ganntanas tithíochta ann, mar aon le harduithe géara ar phraghsanna, go mór mór i limistéir uirbeacha mhóra, mar gheall ar an ráta íseal tógála tithe ó tharla an turnamh maoine agus tógála. Beidh deis againn amárach díriú ar éileamh agus ar sholáthar sna margaí maoine intíre agus tráchtála araon nuair a bheidh cruinniú againn leis an Dr Peter Stafford, Stiúrthóir Property Industry Ireland. Eagraíocht ionadaíoch is ea Property Industry Ireland a bunaíodh in 2011 agus a bhfuil nach mór 90 gnólacht ina mball de, gnólachtaí a thagann ó na fo-earnálacha príomhúla go léir i dtionscal na maoine in Éirinn. Deis atá ann le dul i mbun pléití le heagraíocht a dhéanann ionadaíocht do go leor codanna den earnáil maoine chun tuiscint a fháil ar dhearcadh an tionscail féin maidir le staid reatha mhargadh maoine na hÉireann agus chun na príomh-shaincheisteanna a mbíonn éifeacht acu ar an margadh maoine a phlé.”

Beidh an cruinniú seo ar siúl ar 2.15pm Dé Máirt, an 23 Meán Fómhair 2014 i Seomra Coiste 4.

Is féidir breáthú ar imeachtaí beo an choiste ar an nasc seo a leanas:

http://www.oireachtas.ie/parliament/watchlisten/live-flashplayer/committeeroom4/

Is féidir na himeachtaí a fheiceáil le linn duit bheith ag taisteal trí Aip Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Ceisteanna ó na meáin chumarsáide chuig:

Ciaran Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

Teil: +3531 618 3903
Póca: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551
Ríomhphost: Ciaran.brennan@oireachtas.ie

Comhaltaí an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht

Na Teachtaí: Séamus Ó Banáin, TD (Fine Gael); Nollaig Ó Cuanáin (Fine Gael), Leas-Chathaoirleach; Ruth Coppinger (An Páirtí Sóisialach); Mairsile Ní Chorcoráin Cinnéide, TD (Fine Gael); Barra Ó Comhain (Fianna Fáil); Roibeard Ó Dubhda (Páirtí an Lucht Oibre); Micheál Mac Cárthaigh, TD (Páirtí an Lucht Oibre), Cathaoirleach; Peadar Tóibín (Sinn Féin); Antoine Mac Lochlainn, TD (Fine Gael); Michelle Ní Mhaoilchiaráin, TD (Fine Gael); Caitríona Uí Mhurchú, TD (Neamhspleách); Éamonn Ó Maolomhnaigh, TD (Páirtí an Lucht Oibre); Seán Ó Fearghaíl, TD (Fianna Fáil); Brian Stanley, TD (Sinn Féin).

Na Seanadóirí: An Seanadóir Cáit Uí Chatháin (Fine Gael); An Seanadóir Donacha Ó Leandaí (Páirtí an Lucht Oibre); An Seanadóir Fiach Mac Conghail (Neamhspleách); An Seanadóir Hildegarde Naughton (Fine Gael); An Seanadóir Labhrás Ó Murchú (Fianna Fáil): An Seanadóir Éamonn Ó Súilleabháin (Fianna Fáil).

Barr
Roinn