Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Díreoidh an Coiste um Chomhshaol ar mhuirir uisce le CRF

20 DFómh 2014, 17:45

Díreoidh an Coiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht ar mhuirir uisce agus ar phrionsabail agus tograí na dtaraifí uisce ina chruinniú amárach, Dé Máirt, an 21 Deireadh Fómhair 2014 le Garrett Blaney, Cathaoirleach an Choimisiúin um Rialáil Fuinnimh, a dhéanann rialáil ar Uisce Éireann.

Dúirt Micheál Mac Cárthaigh TD, Cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht: “Tá struchtúr praghsála na muirear uisce leagtha síos ag an gCoimisiún um Rialáil Fuinnimh. Táthar ag súil go gcuirfear tús le muirir uisce tí i ráithe dheireanach 2014 agus go bhfaighidh custaiméirí a gcéad bhillí ag tús 2015. Amárach, beidh deis againn struchtúr praghsála na muirear uisce agus prionsabail agus tograí na dtaraifí uisce a phlé leis an gcomhlacht atá freagrach as rialáil a dhéanamh ar Uisce Éireann. Beidh an spéis ag na Comhaltaí plé a dhéanamh ar an mbonn a úsáidfear chun muirir a shocrú, an chaoi a dhéanfar an taraif a struchtúrú, ar nithe ar nós an an cur chuige i ndáil leis an liúntas saor in aisce agus ar cháilíocht na seirbhísí a sholáthrófar do shealbhóirí tí.”

Cuirfear tús leis an gcruinniú seo i Seomra Coiste 4, Teach Laighean, ar 2:15 p.m. amárach, Dé Máirt, an 21 Deireadh Fómhair 2014.

Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo: http://www.oireachtas.ie/parliament/watchlisten/live-flashplayer/committeeroom4/

Is féidir na himeachtaí a fheiceáil le linn duit bheith ag taisteal chomh maith trí Aip Fóin Chliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Ceisteanna ó na meáin chuig:

Ciarán Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

Teil: +3531 618 3903
Póca: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551
Ríomhphost: Ciaran.brennan@oireachtas.ie

Comhaltaí an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht

Teachtaí: Séamus Ó Banáin TD (Fine Gael); Pádraig Ó Cobhthaigh TD (Fine Gael); Nollaig Ó Cuanáin TD (Fine Gael), Leas-Chathaoirleach; Ruth Coppinger TD (An Páirtí Sóisialach); Mairsile Ní Chorcoráin Uí Chinnéide TD (Fine Gael); Barra Ó Comhain TD (Fianna Fáil); Caoimhín Mac Unfraidh TD (Páirtí an Lucht Oibre); Micheál Mac Cárthaigh TD (Páirtí an Lucht Oibre), Cathaoirleach; Sandra Nic Giolla Fhaoileáin TD (Sinn Féin); Antaine Mac Lochlainn TD (Fine Gael); Michelle Ní Mhaoilchiaráin TD (Fine Gael); Caitríona Uí Mhurchú TD (Neamhspleách); Gearalt de Nais TD (Páirtí an Lucht Oibre); Seán Ó Fearghaíl TD (Fianna Fáil); Brian Stanley TD (Sinn Féin).

Seanadóirí: An Seanadóir Cáit Uí Chatháin (Fine Gael) An Seanadóir Donnchadh Leaindí (Páirtí an Lucht Oibre); An Seanadóir Fiach Mac Conghail (Neamhspleách); An Seanadóir Caitríona Ní Nuáin (Fine Gael); An Seanadóir Labhrás Ó Murchú (Fianna Fáil): An Seanadóir Éamonn Ó Súilleabháin (Fianna Fáil).

Barr
Roinn