Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seolfaidh an Coiste Comhshaoil tuarascáil ar an mBille um Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath (Díscaoileadh)

21 DFómh 2014, 11:07

Seolfaidh an Coiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht a Thuarascáil ar Scéim Ghinearálta an Bhille um Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath (Díscaoileadh) amárach, Dé Céadaoin an 22 Deireadh Fómhair 2014.

Ócáid: An Coiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht do sheoladh na Tuarascála maidir le Scéim Ghinearálta an Bhille um Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath (Díscaoileadh), 2014.
Áit: An Seomra Closamhairc, Teach Laighean
Dáta: Dé Céadaoin, an 22 Deireadh Fómhair 2014
Am: 11am

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Micheál Mac Cárthaigh, TD: “Rinne an Comhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht breithniú ar Scéim Ghinearálta an Bhille agus chuaigh sé i gcomhairle le réimse leathan páirtithe leasmhara i dtaca léi sin. Cuirtear 16 mholadh san áireamh sa tuarascáil seo agus tá súil againn go mbreithneoidh an tAire iad.”

Cuirfear cóipeanna de na tuarascálacha ar fáil ag an seoladh agus beidh an tuarascáil le fáil ar-líne.

Chun freastal ar an ócáid seo, ní mór duit creidiúnú a bheith agat chun freastal ar chruinnithe faisnéise i dTeach Laighean. Chun socrú a dhéanamh maidir le creidiúnú a fháil don ócáid seo nó chun tuilleadh eolais a fháil, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh le:

Fiosruithe ó na Meáin chuig:

Ciarán Ó Braonáin,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

Guthán: +3531 618 3903
Póca: 086-0496518
Fax: +3531 618 4551
Ríomhphost: Ciaran.brennan@oireachtas.ie

Comhaltaí an Choiste

Teachtaí: Niall Ó Coileáin (FF); Mairsile Ní Chorcoráin Cinnéide (FG); Ailín Ó Fearghail (FG); Áine Uí Fheorais (PLO) [Leaschathaoirleach]; Seán Ó Cionnaith (PLO); Pádraig Mac Lochlainn (SF); Finín Mac Craith (NS); Seán Pól Ó Faoláin (FG); Daithí Standúin (FG) [Cathaoirleach]

Seanadóirí: Ivana Bacik (PLO); Máirtín Mac Connmhaigh (FG); Rónán Mac Maoláin (NS); Donncha Ó Donnabháin (FF); Katherine Zappone (NS); Antoin Ó Maolcatha (FG)

 

Barr
Roinn