Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Príomhfheidhmeannach na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil le láithriú os comhair an Choiste um an gComhshaol

3 Samh 2014, 12:01

Ról na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil mar aon leis na dualgais agus na freagrachtaí atá uirthi faoi láthair a bheidh á gcíoradh ag an gComhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht ach a mbuailfidh siad le Laura Burke, Ard-Stiúrthóir na Gníomhaireachta, Dé Máirt, 4 Samhain 2014.

3 Samhain 2014

Beidh faireachán agus forghníomhú ceadúnas i saoráidí tionscail leis á bplé.

Dúirt Mícheál Mac Cárthaigh TD, Cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht: “Bíonn an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ar thús cadhnaíochta ó thaobh an comhshaol a chosaint agus súil a choimeád air chun a dheimhniú go gcaomhnófar comhshaol na hÉireann. Lena chois sin, cuireadh freagracht uirthi ó mhí Lúnasa na bliana seo a dheimhniú go gcosnófar muintir na hÉireann ar iarmhairtí dochracha na radaíochta. Ar an iliomad feidhmeanna is freagrachtaí atá uirthi chun an comhshaol a chosaint tá: ceadúnú comhshaoil; dlí comhshaoil a chur i bhfeidhm; pleanáil comhshaoil, oideachas agus treoir; faireachán, anailísiú agus tuairisciú ar an gcomhshaol; rialáil a dhéanamh ar na hastaíochtaí de ghásanna ceaptha teasa in Éirinn; agus cosaint raideolaíoch. Beidh deis againn amárach ar bhreis iniúchta a dhéanamh ar obair, ról, dualgais agus freagrachtaí na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil, mar aon le faireachán agus forghníomhú ceadúnas i saoráidí tionscail a phlé.”

Tosóidh an cruinniú seo i Seomra Coiste 4, Teach Laighean ag 2.15pm amárach, Dé Máirt, 4 Samhain 2014.

Féadfar féachaint ar imeachtaí an Choiste beo ach luí ar an nasc seo.

Ina theannta sin, féadfaidh tú féachaint ar imeachtaí an Choiste ar do chamchuaird ach dul isteach in aip Thithe an Oireachtais ar an bhfón cliste agat, rud atá ar fáil do ghléasanna Apple agus Android.

Ceisteanna ó na meáin chumarsáide chuig:

Ciarán Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

Teil: +3531 618 3903
Póca: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551
Ríomhphost: Ciaran.brennan@oireachtas.ie

Comhaltaí an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht

Na Teachtaí: Séamus Ó Banáin, TD (Fine Gael); Pádraig Ó Cobhthaigh, TD (Fine Gael); Nollaig Ó Cuanáin (Fine Gael), Leas-Chathaoirleach; Ruth Coppinger (An Páirtí Sóisialach); Mairsile Ní Chorcoráin Cinnéide TD (Fine Gael); Barra Ó Comhain (Fianna Fáil); Caoimhín Mac Unfraidh, TD (Páirtí an Lucht Oibre); Micheál Mac Cárthaigh, TD (Páirtí an Lucht Oibre), an Cathaoirleach; Sandra Nic Giollafhaoileáin TD (Sinn Féin); Antoine Mac Lochlainn, TD (Fine Gael); Michelle Ní Mhaoilchiaráin TD (Fine Gael); Caitríona Uí Mhurchú, TD (Neamhspleách); Gearailt de Nais TD (Páirtí an Lucht Oibre); Seán Ó Fearghaíl TD; Brian Stanley, TD (Sinn Féin).

Na Seanadóirí: An Seanadóir Cáit Uí Chatháin (Fine Gael); An Seanadóir Donacha Ó Leandaí (Páirtí an Lucht Oibre); An Seanadóir Fiach Mac Conghail (Neamhspleách); An Seanadóir Catherine Ní Nuain (Fine Gael); An Seanadóir Labhrás Ó Murchú (Fianna Fáil): An Seanadóir Éamonn Ó Súilleabháin (Fianna Fáil).

Barr
Roinn