Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Fochoiste chun cruinniú a bheith acu le Coimisinéir na Breatnaise

24 Samh 2014, 17:09

Amárach, Dé Máirt, an 25 Samhain 2014, beidh cruinniú ag an bhFochoiste ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Nithe Gaolmhara le Meri Huws, Coimisinéir na Breatnaise.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Micheál Mac Cárthaigh, TD: “Foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 an 21 Nollaig 2010, tar éis tacaíocht traspháirtí a fháil i dTithe an Oireachtais. Trí bliana isteach sa Straitéis, tá athbhreithniú ar siúl ag an gComhchoiste reatha um Chomhshaol, Cultúr agus an Ghaeltacht, trína Fhochoiste ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Nithe Gaolmhara, maidir leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo chun an Straitéis a chur i ngníomh agus chun a fháil amach an bhfuil torthaí á mbaint amach leis an Straitéis. Agus athbhreithniú á dhéanamh againn ar an Straitéis, ní mór breathnú ar an athnuachan teanga i dtíortha eile. Tugann taithí na Breataine Bige le linn dóibh úsáid na Breatnaise a fhorbairt múnla maith don fhochoiste againne chun staidéar a dhéanamh air. Cruthaíodh Oifig Choimisinéara na Breatnaise leis an Welsh Language (Wales) Measure, 2011. Thosaigh Meri Huws ina post mar an chéad Choimisinéir an 1 Aibreán 2012. Sular ceapadh í ina Coimisinéir, bhí sí ina cathaoirleach ar Bhord na Breatnaise ó 2004 go dtí 2011, agus ba bhall den bhord í freisin ó 1993 go 1997. Mar sin, táimid ag súil go mór leis an gcruinniú le Meri Huws amárach chun iarrachtaí tacaíochta le haghaidh mionteangacha a phlé.”

Tosnóidh an cruinniú i Seomra Coiste 1, Teach Laighean, ar 12 meán lae, Dé Máirt, 25 Samhain 2014.

Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste anseo.

Fiosrúcháin ó na meáin chuig:

Ciarán Ó Braonáin,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2.

Guthán: +3531 618 3903
Soghluaiste: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551

Comhaltas an Choiste

An Teachta Micheál Mac Cárthaigh,
An Teachta Caoimhín Mac Unfraidh,
An Teachta Peadar Tóibín,
An Seanadóir Fiach Mac Conghaíl,
An Seanadóir Labhrás Ó Murchú,
An Seanadóir Cáit Ní Chadhain

Barr
Roinn