Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Láithreoidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta os comhair an Choiste Comhshaoil

24 Samh 2014, 15:08

Láithreoidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltacht, Heather Mhic Unfraidh, os comhair an Choiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltachta amárach, Dé Máirt, an 25 Samhain 2014 chun na pleananna todhchaí don Roinn a phlé. Ina theannta sin, pléifidh an Coiste saincheisteanna a bhaineann le pleanáil agus forbairt agus déanfaidh sé iniúchadh ar thograí AE.

Is é sceideal an chruinnithe:

i) Iniúchadh ar thograí AE: COM(2012)499, COM(2012)712; COM(2012)416;
(ii) Pleanáil agus Forbairt in Éirinn; Mary Hughes, Uachtarán, Institiúid Pleanála na hÉireann; agus
(iii) Caidreamh leis an Aire maidir leis na pleananna todhchaí don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta; an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

Dúirt Micheál Mac Cárthaigh TD, Cathaoireach an Choiste: “Déanann an Roinn maoirseacht ar chaomhnú, ar shlánchoimeád, ar chosaint agus ar léiriú oidhreacht agus acmhainní cultúir na hÉireann. Ina theannta sin, féachann an Roinn leis an nGaeilge a chur chun cinn agus le tacú leis an nGaeltacht. Amárach, beidh deis againn díriú ar thosaíochtaí na Roinne leis an Aire agus ar na dúshláin atá i ndán don Roinn sna blianta atá amach romhainn.

“Sula mbuailfimid leis an Aire, pléifimid cúrsaí pleanála agus forbartha in Éirinn le hUachtarán Institiúid Pleanála na hÉireann, Mary Hughes. Maidir le hInstitiúid Pleanála na hÉireann, is é an comhlacht gairmiúil é a dhéanann ionadaíocht thar ceann thromlach na bpleanálaithe gairmiúla atá ag gabháil don phleanáil fhisiciúil, spásúil agus chomhshaoil in Éirinn agus na bpleanálaithe Éireannacha atá ag cleachtadh thar lear. Táimid ag tnúth le cloisteáil ó Mary Hughes agus le dearcadh na hInstitiúide a fháil faoi chúrsaí pleanála agus forbartha in Éirinn.”

Cuirfear tús leis an gcruinniú seo i Seomra Coiste 4 i dTeach Laighean ar 2.15pm amárach, Dé Máirt, an 25 Samhain 2014, trí roinnt tograí reachtacha de chuid AE a iniúchadh:

COM(2012)499 - Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha

COM(2012)712 - Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir le maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha

COM(2012)416 - Togra le haghaidh cinnidh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena soiléirítear forálacha maidir le tráthúlacht ceantanna lamháltas gáis ceaptha teasa

Is féidir imeachtaí an Choiste a leanúint beo anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal, freisin, le Feidhmchlár Gutháin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na Meáin chuig:

Ciarán Ó Braonáin,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

G: +3531 618 3903
P: 086-0496518
F: +3531 618 4551
Ríomhphost: Ciaran.brennan@oireachtas.ie

Comhaltaí an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht

Teachtaí: Séamus Ó Banáin TD (Fine Gael); Pádraig Ó Cobhthaigh TD (Fine Gael); Nollaig Ó Cuanáin (Fine Gael) Leas-Chathaoirleach; Ruth Coppinger (An Páirtí Sóisialach); Mairsile Ní Chorcoráin Cinnéide TD (Fine Gael); Barra Ó Comhain (Fianna Fáil); Caoimhín Mac Unfraidh TD (Páirtí an Lucht Oibre); Micheál Mac Cárthaigh TD (Páirtí an Lucht Oibre) Cathaoirleach; Sandra Nic Giollafhaoileáin TD (Sinn Féin); Antoine Mac Lochlainn TD (Fine Gael); Michelle Ní Mhaoilchiaráin TD (Fine Gael); Caitríona Uí Mhurchú TD (Neamhspleách); Gearailt de Nais TD (Páirtí an Lucht Oibre); Seán Ó Fearghaíl TD; Brian Stanley TD (Sinn Féin).

Seanadóirí: An Seanadóir Cáit Uí Chatháin (Fine Gael); An Seanadóir Donacha Ó Leandaí (Páirtí an Lucht Oibre); An Seanadóir Fiach Mac Conghail (Neamhspleách); An Seanadóir Catherine Ní Nuain (Fine Gael); An Seanadóir Labhrás Ó Murchú (Fianna Fáil); An Seanadóir Éamonn Ó Súilleabháin (Fianna Fáil).

Barr
Roinn