Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tionscal na feamainne a fhorbairt agus tosaíochtaí don Aire ar chlár oibre an Choiste Comhshaoil

1 Noll 2014, 10:35

Láithreoidh an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, Alain Ó Ceallaigh, os comhair an Choiste Comhshaoil, Cultúir agus Gaeltachta amárach, Dé Máirt, 2 Nollaig chun tosaíochtaí agus pleananna na Roinne san am atá le teacht a phlé. Pléifidh an Coiste forbairt thionscal na feamainne freisin agus déanfaidh sé grinnscrúdú ar thograí de chuid AE.

Is mar seo a leanas a bheidh sceideal an chruinnithe:

1. Grinnscrúdú ar thograí de chuid AE - COM (2014) 267; COM (2014) 544 agus COM (2014) 617
2. ‘Developing the Seaweed Industry in Ireland including the Feasibility of Developing Seaweed Farms’ - Michael Keatinge, An Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin Eatramhach, Bord Iascaigh Mhara agus an tOllamh Mark Johnson agus an Dr Maeve Edwards, Irish Seaweed Research Group, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
3. Plé leis an Aire mar gheall ar roinnt ceisteanna – Alain Ó Ceallaigh TD, An tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil.

Dúirt Mícheál Mac Cárthaigh TD, Cathaoirleach an Choiste: “Tá cúram leathan ar an Roinn maidir le maoirsiú a dhéanamh ar roinnt réimsí ríthábhachtacha. Orthu sin, tá an comhshaol a chosaint, forbairt pobal agus na hearnála pobail agus saorálaí a chur chun cinn agus tacú leo sin; a chinntiú go gcuirtear tithe ardchaighdeáin ar fáil i bpobail inchothaithe; a chinntiú go gcuirfidh an phleanáil agus an tógáil inár réigiúin-ne le forbairt is inchothaithe agus cothrom; faireachán a dhéanamh ar aimsir agus ar aeráid na hÉireann agus iad a anailísiú agus a thuar agus tacú leis an rialtas áitiúil. Ós sinne an Coiste a bhíonn ag faire ar obair na Roinne, beidh deis againn ar thosaíochtaí agus pleananna na Roinne i gcaitheamh na mblianta atá romhainn amach a chíoradh i gcuideachta an Aire ag an gcruinniú againn amárach.

“Sula mbuailfimid leis an Aire, pléifimid forbairt thionscal na feamainne in Éirinn, ar a n áireofar a indéantacht a bheadh sé feirmeacha feamainne a fhorbairt, le Michael Keatinge An Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin Eatramhach, Bord Iascaigh Mhara agus an tOllamh Mark Johnson agus an Dr Maeve Edwards, Irish Seaweed Research Group, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Rinne an Coiste cruinnithe a thionól i dtosach na bliana i dtaobh ábhair a bhaineann le ceadúnais a eisiúint chun feamainn a bhaint agus an reachtaíocht lena rialaítear feamainn a bhailiú ónár gcuid urthránna, mar aon le breithniú ar an earnáil bainte feamainne a fhásann uaithi féin agus an coincheap a bhaineann leis an earnáil saothraithe feamainne a chur ar bun. Tá dlúthbhaint ag tionscal na feamainne leis an nGaeltacht agus bíonn sé ag gabháil d’fheamainn thraidisiúnta fhiáin a fhásann uaithi féin mar aon le feamainn shaothraithe. Is fiú timpeall le €18 milliún in aghaidh na bliana í earnáil na feamainne agus na biteicneolaíochta i láthair na huaire agus táthar ag dréim leis an earnáil a mhéadú go dtí €30 milliún in aghaidh na bliana faoin mbliain 2020 mar a shonraítear sa Straitéis “Casadh na Taoide” ag Foras na Mara a cuireadh amach sa bhliain 2006. Tá sé tráthúil agus tábhachtach dúinn, mar sin, plé a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le forbairt thionscal na feamainne in Éirinn.”

Cuirfear tús leis an gcruinniú seo i Seomra Coiste 4, Teach Laighean, ar 2.15 pm amárach, Dé Máirt, an 2 Nollaig 2014 nuair a dhéanfar grinnscrúdú ar dhornán de thograí reachtaíochta de chuid AE: – COM (2014) 267; COM (2014) 544 agus COM (2014) 617

Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste beo ag an nasc seo.

Is féidir na himeachtaí a fheiceáil le linn duit bheith ag taisteal trí Aip Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin chuig:

Ciarán Ó Braonáin,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

Guthán: +3531 618 3903
Guthán póca: 086-0496518
Fax: +3531 618 4551
Ríomhphost: Ciaran.brennan@oireachtas.ie

Comhaltaí an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht

Na Teachtaí: Séamus Ó Banáin, TD (Fine Gael); Pádraig Ó Cobhthaigh, TD (Fine Gael); Nollaig Ó Cuanáin, TD (Fine Gael), Leas-Chathaoirleach; Ruth Coppinger, TD (an Páirtí Sóisialach); Mairsile Ní Chorcoráin Cinnéide, TD (Fine Gael); Barra Ó Comhain, TD (Fianna Fáil); Caoimhín Mac Unfraidh, TD (Páirtí an Lucht Oibre); Micheál Mac Cárthaigh, TD (Páirtí an Lucht Oibre), an Cathaoirleach; Sandra Nic Giollafhaoileáin, TD (Sinn Féin); Antoine Mac Lochlainn, TD (Fine Gael); Michelle Ní Mhaoilchiaráin, TD (Fine Gael); Caitríona Uí Mhurchú, TD (Neamhspleách); Gearailt de Nais, TD (Páirtí an Lucht Oibre); Seán Ó Fearghaíl, TD (Fianna Fáil); Brian Stanley, TD (Sinn Féin).

Na Seanadóirí: An Seanadóir Cáit Uí Chatháin (Fine Gael); An Seanadóir Donacha Ó Leandaí (Páirtí an Lucht Oibre); An Seanadóir Fiach Mac Conghail (Neamhspleách); An Seanadóir Catherine Ní Nuain (Fine Gael); An Seanadóir Labhrás Ó Murchú (Fianna Fáil): An Seanadóir Éamonn Ó Súilleabháin (Fianna Fáil).

Barr
Roinn