11 DFómh 2016, 11:35
Beidh an Coiste um Fhorbairt Réigiúnach, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíona agus Gaeltacht ag díriú ar a dteastaíonn a dhéanamh chun pobal tuaithe inmharthana a chothú amárach, Dé Céadaoin, an 12 Deireadh Fómhair 2016 nuair a bhuailfidh sé le hionadaithe ó ghrúpaí comhpháirtíochta LEADER as: Fine Gall; Ciarraí Theas; Cill Dara; An Mhí; Ros Comáin agus Iarthar Chorcaí.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín: ”Tá dúshláin fós roimh chuid mhaith de thuath na hÉireann maidir le laghdú ar an daonra, easpa post, ganntanas fiontraíochta agus drochbhonneagar. Tá ról tábhachtach ag ár gCoiste ó thaobh breithniú a dhéanamh ar bheartas agus a bheith rannpháirteach i reachtaíocht a dhéanamh chun dul i ngleic leis na fadhbanna seo agus chun cuidiú le forbairt réigiúnach chothromaithe agus feabhsú eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha thuath na hÉireann agus na Gaeltachta.
“Beimid ag plé na nithe a theastaíonn a dhéanamh chun pobal tuaithe a chothú amárach nuair a bhuailfimid le hionadaithe ó ghrúpaí comhpháirtíochta LEADER as: Fine Gall; Ciarraí Theas; Cill Dara; An Mhí; Ros Comáin agus Iarthar Chorcaí. Is é an aidhm atá le cláir LEADER geilleagar na tuaithe a neartú agus a éagsúlú agus cáilíocht na beatha i gceantair thuaithe a fheabhsú trí phoist a chruthú, fiontair inchothaithe a fhorbairt, deiseanna turasóireachta a fheabhsú, sráidbhailte, bailte beaga agus pobail bheaga a uasghrádú, cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus an comhshaol a fheabhsú. Amárach, beidh deis againn tuairimí a fháil ó roinnt eagraíochtaí LEADER timpeall na tíre maidir leis an obair a bhaineann le pobal tuaithe bríomhar a fhorbairt agus a chothú.”
Cuirfear tús leis an gcruinniú ar 10 a.m., amárach, Dé Céadaoin, an 12 Deireadh Fómhair 2016 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.
Is féidir imeachtaí an choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.
Críoch
Fiosrúcháin ó na Meáin:
Ciarán Brennan,
An tAonad Cumarsáide,
Tithe an Oireachtais,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2.
Guthán: +353 1 6183903
Fón Póca: +353 86 0496518
Ríomhphost: Ciaran.brennan@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews
Comhaltas an Choiste:
Teachtaí
Peadar Tóibín (Cathaoirleach) Sinn Féin
Ciarán Ó Canáin Fine Gael
Mícheál Ó Coileáin An Grúpa Neamhspleách Tuaithe
Dónall Ó hÉilí Rae An Grúpa Neamhspleách Tuaithe
Máirtín Ó hEideáin Fine Gael
Éamon Ó Cuív Fianna Fáil
Niamh Nic Gabhann Fianna Fáil
Seanadóirí
Máire Ní Oibicín Fine Gael
Marie-Louise Ní Dhomhnaill Neamhspleách
Aodhán Ó Ríordáin Páirtí an Lucht Oibre
Fiontán Warfield Sinn Féin