Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cruinniú le bheith ag Coiste na Gaeilge le hArd-Stiúrthóir TG4

25 MFómh 2017, 02:43

Tabharfaidh Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán éisteacht d’Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, ag an gcruinniú den choiste a bheidh ar siúl amárach, Dé Máirt, an 26 Meán Fómhair 2017.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, TD: “Beidh cruinniú ag an gCoiste amárach le hAlan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, chun go bhféadfaidh sé aitheasc a thabhairt don Choiste ar roinnt saincheisteanna, lena n-áirítear na dúshláin a bhaineann leis an gcraoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge, dualgais TG4 faoin reachtaíocht agus fotheidil a sholáthar i nGaeilge agus i mBéarla.

Cuirfidh an cruinniú a bheidh againn amárach leis na cruinnithe a bhí againn roimhe seo inar phléamar na dúshláin agus na deiseanna atá ann do chraoltóirí Gaeilge ar fud oileán na hÉireann agus an tacaíocht a theastaíonn uathu chun a gcuid cuspóirí agus a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh.

Is modh cumarsáide fíorthábhachtach é an teilifís i gcónaí agus tá sé riachtanach go gcuirtear seirbhís teilifíse bheoga inrochtana agus inmharthana ar fáil do lucht féachana agus éisteachta na Gaeilge. Dá bhrí sin, táimid ag súil lenár gcruinniú leis an Uasal Esslemont chun plé a dhéanamh ar na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le seirbhís craoltóireachta Gaeilge a sholáthar.”

Beidh an cruinniú seo ar siúl i Seomra Coiste 4 ar 5 p.m. amárach, Dé Máirt, an 26 Meán Fómhair 2017.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí úsáid a bhaint as Feidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Barr
Roinn