Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste Gaeilge ag iarraidh go gcuirfear maoiniú sonrach ar fáil do dhaoine óga sa Ghaeltacht

8 Samh 2017, 13:26

Ba chóir don Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige daoine óga sa Ghaeltacht a aithint mar spriocghrúpa ann féin i leith maoiniú a fháil, de réir tuarascáil ó Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.  

Molann an Coiste freisin gur chóir maoiniú sonrach a chur ar fáil do na heagraíochtaí a oibríonn le daoine óga sa Ghaeltacht agus atá ag oibriú trí mheán na Gaeilge agus go mbeadh an maoiniú sin ag teacht leis an maoiniú a chuirtear ar fáil do na heagraíochtaí a oibríonn le daoine óga agus atá ag oibriú trí mheán an Bhéarla.

Ba chóir gach cúnamh a thabhairt do cheantair Ghaeltachta chun ionaid buail isteach a bhunú agus a chothabháil ina bhféadfaidh daoine óga teacht le chéile agus clubanna, gníomhaíochtaí, spóirt agus imeachtaí eile trí mheán na Gaeilge a eagrú, dar leis an gCoiste.

Tá an tuarascáil á foilsiú mar thoradh ar chruinniú i mí Dheireadh Fómhair maidir le ‘Straitéis Óige don Ghaeltacht’ le hionadaithe ó Muintearas, a bhfuil ról aige maidir le gníomhaíochtaí do dhaoine óga i gceantair Ghaeltachta a phleanáil agus a chur i bhfeidhm. Rinne Muintearas ‘Straitéis do dhaoine óga na Gaeltachta’ a fhorbairt tar éis dul i gcomhairle go forleathan le daoine aonair agus le grúpaí ar fud na Gaeltachta.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, TD: “Tá an Comhchoiste ar an eolas maidir leis na dúshláin a bhíonn le sárú ag daoine óga atá ag fás aníos sa Ghaeltacht agus na dúshláin nach mór do dhaoine óga aghaidh a thabhairt orthu agus iad ag féachaint go mbeidh an deis acu fanacht ina gcónaí sa Ghaeltacht nuair a bheidh siad ag freastal ar choláistí triú leibhéal, nuair a rachaidh siad sa tóir ar fhostaíocht agus nuair a bheidh siad ag iarraidh clann dá gcuid féin a thógáil.

Is é príomhaidhm na Straitéise seo, dul i ngleic leis na dúshláin sin agus dóchas agus cúnamh a thairiscint do dhaoine óga sa Ghaeltacht, ionas go mbeidh an rogha acu, más mian leo é, fanacht ina gcónaí ina gceantar féin agus a dteanga féin a thabhairt dá leanaí féin — an chéad ghlúin eile sa Ghaeltacht.

Fáiltíonn an Comhchoiste roimh an Straitéis mar phlean gníomhach agus cuimsitheach a rachaidh chun tairbhe do dhaoine óga atá ina gcónaí sa Ghaeltacht agus a rachaidh chun tairbhe don Ghaeltacht féin. Níltear ag iarraidh sa tuarascáil atá againne na moltaí atá leagtha amach sa Straitéis a thabhairt arís ach cuidiú lena cur i bhfeidhm agus lena húsáid ar an tslí is fearr chun freastal ar óige na Gaeltachta agus a éascú dóibh fanacht ina gceantair áitiúla féin mar chainteoirí dúchais.”

Is féidir teacht ar an tuarascáil iomlán agus na moltaí anseo.

Barr
Roinn