Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Leanann Coiste na Gaeilge dá éisteachtaí maidir le Ceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla

20 Samh 2017, 12:51

Leanfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, na nOileán agus Phobal Labhartha na Gaeilge lena ghrinnscrúdú réamhreachtach ar Scéim Ghinearálta agus ar Dhréacht–Cheannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla ag an gcruinniú den choiste a bheidh ar siúl amárach, Dé Máirt, an 21 Samhain 2017.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, TD: “Ag an gcruinniú, tiocfaidh an Coiste le chéile le hionadaithe ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun plé a dhéanamh ar ról na Roinne foireann a earcú ar fud na seirbhíse poiblí atá líofa in dhá theanga oifigiúla an Stáit agus atá in ann seirbhís a sholáthar don phobal i gceachtar den dá theanga oifigiúla.

Tá suim ar leith ag an gCoiste cíoradh a dhéanamh ar conas mar a rachaidh an Roinn i ngleic leis an moladh i gCeannteideal 9 de Cheannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017 a dhéanfaidh socrú go mbeidh an dá theanga oifigiúla, Gaeilge agus Béarla, ar a dtoil ag 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí.

Tá go leor ceisteanna ar féidir a chur maidir leis an moladh seo, go háirithe, cibé acu an sprioc nó ceanglas atá ann, an dtiocfaidh gach comhlacht san earnáil phoiblí faoin moladh agus an áireofar gach grád, leibhéal agus rannóg ann, conas mar a earcófar an 20% atá beartaithe agus an mbeidh sé mar choinníoll dá bhfostaíocht a líofacht sa dá theanga oifigiúla a choinneáil ar feadh a ngairmeacha sa tseirbhís phoiblí.

Tá suim ar leith againn, chomh maith, i gCeannteideal 10 agus an leibhéal ar a socrófar caighdeán  na Gaeilge lena mbeifear ag súil, conas mar a chinnfear é agus conas mar a dhéanfar faireachán agus cothabháil air.

Ina theannta sin, tá suim ag an gCoiste sna céimeanna atá glactha ag an Roinn éascú a dhéanamh ar na beartais a leagtar amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030, cén rath a bhí uirthi agus í ina bhun sin, agus céard iad na torthaí.”

Cuirfear tús leis an gcruinniú seo ar 5 p.m. amárach, Dé Máirt, an 21 Samhain 2017 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Barr
Roinn