Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste na Gaeilge chun plé a dhéanamh ar phleananna forbartha le haghaidh Údarás na Gaeltachta

4 Noll 2017, 10:48

Déanfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, na Oileán agus Phobal Labhartha na Gaeilge plé ar a éifeachtaí atá beartais eacnamaíocha, cultúrtha agus sóisialta Údarás na Gaeltachta, ag cruinniú den Chomhchoiste amárach, Dé Máirt an 5 Nollaig 2017.

Deir Caitríona Ní Chonghaile (Cathaoirleach an Choiste): “Amárach, pléifidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, na nOileán agus Phobal Labhartha na Gaeilge den Oireachtas na pleananna forbartha atá ann don Ghaeltacht le hÚdarás na Gaeltachta. Ba mhaith leis an gComhchoiste plé a dhéanamh ar a éifeachtaí atá na beartais eacnamaíocha, cultúrtha agus sóisialta atá á gcur i ngníomh ag an Údarás, agus atá beartaithe aige a chur i ngníomh, agus tacú leo, d’fhonn cuidiú a thabhairt i dtaobh pobail inbhuanaithe, arb í an Ghaeilge a bpríomtheanga cumarsáide, a chothú agus a fhorbairt sa Ghaeltacht.

Déanfaimid plé freisin ar an gcaoi a rachaidh an tÚdarás i ngleic leis an gceist maidir le dóthain post, agus poist atá éagsúil go maith ó chéile, a chur ar fáil sa Ghaeltacht ionas go mbeidh deis dháiríre ag daoine óga atá i dtosach a saolré oibre a bheith ag obair i measc a bpobail féin, agus nach mbeidh orthu, de dheasca drochdhálaí eacnamaíochta, an Ghaeltacht a fhágáil chun a gcuid a shaothrú sna bailte móra agus sna cathracha. Is mian leis an gComchoiste freisin, breithniú a dhéanamh ar cé na socruithe atá á ndéanamh le haghaidh fostaíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht chun daoine a mhealladh abhaile a d’imigh ar imirce uaithi, agus ar mhaith leo filleadh abhaile agus obair inti.

Is éard a bheidh ar ár gclár oibre freisin, ról an Údaráis sna Scéimeanna Fostaíochta Sóisialta agus an tacaíocht a fhaigheann sé ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí. Ina theannta sin, pléifidh an Coiste an ról atá ag an Údarás maidir le tacú le saol sóisialta agus cultúrtha phobail na Gaeltachta agus é a fhorbairt agus go háirithe an tacaíocht a thugann sé d’fhorbairt na Gaeilge, ní amháin mar theanga an teaghlaigh ach, go háirithe, mar theanga an phobail chomh maith.”

Beidh an cruinniú seo ar siúl ar 5pm, amárach, Dé Máirt, an 5 Nollaig 2017 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste beo anseo.

Is féidir leat breathnú ar imeachtaí Coiste agus tú ag gluaiseacht le hAip Fóinchliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil d’fheistí Apple agus Android.

Barr
Roinn