Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht chun an Bille um Chartlann Náisiúnta (Leasú), 2017, a phlé

6 Noll 2017, 15:28

Pléifidh an Coiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht an Bille um Chartlann Náisiúnta (Leasú), 2017 ag an gcruinniú a bheidh aige amárach, Déardaoin, an 7 Nollaig 2017.

Is é cuspóir an Bhille seo socrú a dhéanamh maidir le Riail 20 Bliain a chur i bhfeidhm go céimniúil d’fhonn taifid Roinne a aistriú chuig an gCartlann Náisiúnta.  Is trí leasú a dhéanamh ar an Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986, a dhéanfar é seo.

Beidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Seosaimhín Ní Mhadagáin T.D., i láthair ag an gcruinniú.

Tosófar an cruinniú seo ar ar 1.15 p.m., amárach an 7 Nollaig 2017 i Seomra Coiste 1, Teach Laighean. Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste beo anseo.

Is féidir leat breathnú ar imeachtaí Coiste agus tú ag gluaiseacht le hAip Fóinchliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil d’fheistí Apple agus Android.

Barr
Roinn