Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Pléifidh an Coiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht saincheisteanna rialachais in earnáil na n-ealaíon

16 Ean 2018, 10:44

Beidh rialachas i ndáil le maoiniú in earnáil na n-ealaíon ar chlár an Choiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht nuair a bheidh cruinniú aige le hoifigigh ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus le hionadaithe ón gComhairle Ealaíon amárach, an 17 Eanáir 2018.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht, Peadar Tóibín TD: “Dáiltear lear mór airgid phoiblí gach bliain ar eagraíochtaí a bhíonn ag plé leis na healaíona. Faoi mar atá i gcás an airgid phoiblí go léir, ba chóir go mbeadh an t-airgead sin faoi réir caighdeán rialachais atá de réir an dea-chleachtais ó thaobh éifeachtachta, formhaoirsiú agus cuntasachta de. Tá sé tábhachtach freisin go gcloífidh eagraíochtaí a bhíonn ag plé leis na healaíona le caighdeáin inghlactha i ndáil le nithe níos leithne amhail fostaíocht agus leas laistigh den earnáil. Is gá an méid sin chun muinín as caitheamh airgid phoiblí in earnáil na n-ealaíon a chothabháil. Amárach, déanfaimid mionphlé ar rialachas i ndáil le maoiniú in earnáil na n-ealaíon le hoifigigh ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (lena n-áirítear Éire Ildánach) agus le hionadaithe ón gComhairle Ealaíon.

Cuirfear tús leis an gcruinniú seo ar 1.30pm, amárach, an 17 Eanáir 2018 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste anseo.

Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste le linn duit a bheith ag taisteal freisin trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Barr
Roinn