Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste na Gaeilge chun úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais a phlé

22 Ean 2018, 15:23

Beidh soláthar seirbhísí i nGaeilge i dTithe an Oireachtais ar chlár oibre Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ag cruinniú den choiste a bheidh ar siúl amárach, Dé Máirt, an 23 Eanáir 2018.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, TD: “Amárach, pléifidh Comhchoiste Oireachtais na Gaeltachta, na Gaeilge agus na nOileán soláthar seirbhísí in dhá theanga oifigiúla an Stáit i dTithe an Oireachtais agus ar a bhfuil á dhéanamh chun seirbhís iomlán dátheangach a chruthú sa pharlaimint náisiúnta.

Tá sé tábhachtach go bhféachfar ar Thithe an Oireachtais, an pharlaimint náisiúnta, mar eiseamláir don tseirbhís phoiblí agus seirbhís iomlán éifeachtúil agus chothromasach á soláthar acu sa dá theanga oifigiúla. Ba mhaith linn go ndéanfaí freastal, i ngach slí, ar Chomhaltaí na dTithe, ar an bhfoireann agus ar an bpobal ionas go mbeidh rogha réadúil acu idir an dá theanga oifigiúla le linn dóibh bheith ag idirghníomhú leis an tSeirbhís.

Ba mhaith leis an gCoiste freisin, i gcomhar le Tithe an Oireachtais, féachaint ar shaincheisteanna ar nós láithreán gréasáin an Oireachtais, an tslí a ndéantar díospóireachtaí na dTithe a thaifeadadh, an líon daoine den bhfoireann a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge acu agus an tslí a scaiptear na daoine sin ar fud na seirbhíse, leibhéal a gcuid inniúlachta sin agus na seirbhísí a chuireann an tSeirbhís ar fáil dá gcustaiméirí go léir.”

Beidh an cruinniú seo ar siúl ar 5pm, amárach, Dé Máirt, an 23 Eanáir 2018, i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir féachaint ar imeachtaí an Choiste beo anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal, trí úsáid a bhaint as Feidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Barr
Roinn