Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste na Gaeilge chun cuairt a thabhairt ar Dhún na nGall

2 Feabh 2018, 11:36

Beidh Cathaoirleach Bhuan-Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, Caitríona Ní Chonghaile TD, i gceannas ar thoscaireacht a rachaidh chuig Dún na nGall Dé Luain, an 5 Feabhra 2018.


Pléifidh an toscaireacht roinnt saincheisteanna, lena n-áirítear pleananna teanga, tionscnaimh shóisialta agus chultúrtha, forbairt áitiúil, forbairt gheilleagrach agus todhchaí na Gaeltachta do dhaoine óga atá ina gcónaí agus ag obair sa cheantar.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile TD: “Beidh cruinniú ag an an toscaireacht le roinnt gníomhaireachtaí Stáit agus eagraíochtaí leasmhara chun na saincheisteanna agus na dúshláin atá roimh na pobail áitiúla i nGaeltacht Dhún na nGall a aithint agus a imscrúdú. Tá sé tábhachtach go mbeidh cruinniú againn le daoine ar an talamh ina bpobail Ghaeltachta áitiúla ar fud na hÉireann chun a ndearcthaí a fháil ar na saincheisteanna ríthábhachtacha atá rompu i dtéarmaí forbartha pobail, sóisialta, cultúrtha agus geilleagraí. Beidh cruinniú againn le múinteoirí agus le daoine óga freisin atá ag freastal ar an mbunscoil, ar an meánscoil agus ar choláistí samhraidh i nGaeltacht Dhún na nGall chun a ndearcthaí a fháil ar bhearta atá riachtanach chun a gcuid pobal a chothú agus a fhás.”

Mionsonraí breise faoin gCoiste: https://beta.oireachtas.ie/ga/committees/32/irish-language-the-gaeltacht-and-the-islands/

An Clár

Comhaltaí ón gCoiste: An Teachta Dála Caitríona Ní Chonghaile, an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir, an Teachta Dála Fergus Ó Dubhda, an Teachta Dála Aindrias Ó Muimhneacháin, an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, an Seanadóir Brian Ó Domhnaill, an Seanadóir Seosamh Ó Raghallaigh.
Comhaltaí eile: An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.
Am    Áit    Ábhair    Finnéithe ó
9.00 a.m. – 11.00 a.m.    Ionad Muintearas, Eastáit Tionsclaíochta, Gaoth Dobhair, Co Dhún na nGall.    1.    Forbairt Ghaeltacht Dhún na nGall    1.    Comhairle Chontae Dhún na nGall
2.    Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo.
3.    Comharchumann na nOileán Bheag Teo.
4.    Comharchumann Oileáin Árainn Mhór Teo.
5.    Comharchumann Oileán Thoraí Teo.
6.    Lárchomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille
7.    Pobal Eascarrach Teo.
8.    Údarás na Gaeltachta
11.00 a.m. –12.00 p.m.    Áislann Ghaoth Dobhair,
Naíolann Ghaoth Dobhair.    1.    Forbairt na Páirce Gnó
2.    Cúram Leanaí    1.    Údarás na Gaeltachta

2.    Naíolann Ghaoth Dobhair
12.00 p.m. –
1.30 p.m.     Amharclann Ghaoth Dobhair    Lón    
1.30 p.m. –
3.30 p.m.    Ionad Muintearas, Eastáit Tionsclaíochta, Gaoth Dobhair, Co Dhún na nGall.    1.    An Ghaeilge, An Ghaeltacht agus an Cultúr
2.    Straitéis Óige don Ghaeltacht    1.    Áislann Rann na Feirste
2.    Amharclann Ghaoth Dobhair
3.    Céim Aniar Teo.
4.    Coiste Bainistíochta Ionad Naomh Pádraig, Dobhair
5.    Oifigeach Gaeilge, Comhairle Chontae Dhún na nGall
6.    Muintearas (Dún na nGall)
7.    Guth na Gaeltachta,
8.    Gaeltacht Bheo Fhánaide / Teach Solais Fhánada
9.    Oideas Gael
3.30 p.m. –
4.00 p.m.    Ionad Muintearas, Eastáit Tionsclaíochta, Gaoth Dobhair, Co Dhún na nGall.    Tae / Caife    
4.00 p.m. –
5.45 p.m.    Ionad Muintearas, Eastáit Tionsclaíochta, Gaoth Dobhair, Co Dhún na nGall.    1.    Polasaí don Oideachas Ghaeilge agus Ghaeltachta
2.    Straitéis Óige don Ghaeilge agus don Ghaeltacht
(Seisiún 1)    1.    Na bunscoileanna, meánscoileanna, naíonraí agus coláistí samhraidh i gContae Dhún na nGall a fheidhmíonn tri mheán na Gaeilge.


Barr
Roinn